Ronnie Biggs marbh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tugadh le fios ar maidin go bhfuil Ronnie Biggs, an fear is mó a luaitear leis an Mór Róbáil Traenach sa Bhreatain in 1963. Bhí sé in aois 84 bliain. Bhí nimh ar leith ag na húdaráis sa Bhreatain dó ní amháin mar gheall ar a ról sa róbáil – ról tanáisteach – ach cionn is gur éalaigh sé amach as príosún Wandsworth agus d’fhág faoi aiféaltas iad. Agus lena chois chuir sé olc ar fad ar na húdaráis sa Bhreatain cionn is go raibh sé in ann saol an mhadaidh bháin a bheith aige ar feadh tamaill sa Bhrasaíl, áit a raibh sé ar a sheachaint ar feadh beagnach 36 bliain. Bhí drogall ar na húdaráis sa Bhreatain é a ligean saor ar bhonn trócaire nuair a bhuail stroic é agus é faoi ghlas ach ligeadh saor é in 2009 nuair a ba léir go raibh sé ag saothrú an bháis.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 14:35:51

Admin/login Comments RSS

ILBF