Rith 2014 le tosú amárach, 700 cilimeadar thar 9 lá

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

www.rith.ie

 

ón suíomh www.rith.ie

 

Is féile náisiúnta d’Éirinn é Rith 2014 a bheidh ar siúl  ón 7-15 Márta 2014 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 700 km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ó Bhaile Bhuirne i gCo. Chorcaí go Béal Feirste thar 9 lá leis na mílte daoine ag glacadh páirte ann.

Caith súil timpeall ar an suíomh. Foghlaim faoin imeacht taitneamhach náisiúnta seo. Íoslódáil acmhainní teagaisc do mhúinteoirí. Glac páirt i gcomórtas Rith 2014. Cur ciliméadar in áireamh i do cheantar agus Rith linn!!

Le páirt a ghlacadh san imeacht thaitneamhach seo is féidir an cnaipe glas thuas a bhrú le ciliméadar a chur in áireamh i do chontae.

Lá 1 – Dé hAoine 7 Márta —- Baile Bhuirne go Dún Garbhán

Lá 2 – Dé Sathairn 8 Márta —- Dún Garbhán go Loch Garman

Lá 3 – Dé Domhnaigh 9 Márta —- Loch Garman go Baile Átha Claith (theas)

Lá 4 – Dé Luain 10 Márta —- Baile Átha Cliath (thuaidh)

Lá 5 – Dé Máirt 11 Márta —- Ceanannas Mór go Inis Ceathleann

Lá 6 – Dé Céadaoin 12 Márta —- Lifear go dtí an Chorr Chríochach

Lá7 – Déardaoin 13 Márta —- Marhaire Rátha go Oileán an Ghuail

Lá 8 – Dé hAoine 14 Márta —- Ard Mhacha go Caisleán Uidhilín

Lá 9 – Dé Sathairn 15 Márta —- Dún Pádraig go Béal Feirste

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:08:53

Admin/login Comments RSS

ILBF