Rinneadh comhráite fóin idir cimí is dlíodóirí a thaifead

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhearbhaigh an Taoiseach agus é ag caint sa Dáil inniu go ndearnadh comhráite gutháin idir dlíodóirí agus cimí a thaifead ‘go neamhaireach.’ Ba é an Seirbhís Phríosúin a bhí freagrach as seo, dar leis, agus tá an Seirbhís i ndiaidh sin a chur in iúl don Aire Dlí inniu féin. Bhain na cásanna seo le cimí a raibh teagmháil acu le níos mó ná dlíodóir amháin. Tugadh uimhir do líne a bhí saor ó thaifead do chimí ach i gcásanna áirithe bhí cimí ag plé le níos mó ná dlíodóir amháin agus líne eile in úsáid acu in amanna dá bharr a bhíodh á thaifead. 84 cime a rinneadh a thaifead agus deir an Taoiseach go bhfuil sé i ndiaidh iarradh ar an Aire Dlí is Cirt, Alan Shatter, tuarascáil a chur ar fáil dó faoi cad go díreach a tharla sa chás seo agus cad chuige.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 04:06:23

Admin/login Comments RSS

ILBF