Rinceoir Cónaitheach ar an Sean-nós 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinceoir Cónaitheach ar an Sean-nós 2014, ceaptha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh

Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, go bhfuil Gearóid Ó Dubháin ceaptha mar Rinceoir Cónaitheach ar an Sean-nós as seo go ceann bliana.

D’fhás Gearóid aníos ar an Aird Mhóir i gConamara agus is ann a fuair sé a chuid steipeanna. Damhsóir sean-nóis cáiliúil é a athair, Séamus Ó Dubháin, nó Séamuisín Devaney mar is fearr aithne air. Bhí athair a athar, Colm Ó Dubháin, ina dhamhsóir ar an sean-nós, chomh maith lena dheartháir, Joe. Ina theannta sin, bíonn deirfiúr a athar, Annie, ag rince ar an sean-nós. Is damhsóir aitheanta é a dheartháir, Pádraig, a bhfuil neart duaiseanna bainte amach aige ar fud na tíre. Ní hamháin sin, ach bhí damhsa ar thaobh a mháthar freisin. Is beag an t-iontas, agus a leithéid de dhúchas aige, go bhfuil an rince de dhlúth agus d’inneach in Gearóid.

Tá go leor duaiseanna bainte amach ag Gearóid mar dhamhsóir ar fud na tíre, ina measc tá Oireachtas na Samhna (2010), Craobh na hÉireann (2011), Féile na Mí (2006, 2008, 2010 agus 2012), Féile Chóilín Clesham (buaite cúpla uair), mar aon le neart comórtais eile. Tá Gearóid i mbun ranganna damhsa ar an sean-nós le blianta beaga anuas, i gConamara agus in áiteanna eile i gContae na Gaillimhe. Go deimhin, tá máistir-ranganna tugtha aige fud fad na tíre. Tá sé tábhachtach do Ghearóid go gcoinneofar sean-stíl a athar beo sa sean-nós agus tá sé sin le feiceáil ina chuid damhsa.

Beidh sraith de cheardlanna ar siúl ar feadh cúig seachtaine san Aula Maxima ag tosnú ag 7pm ar an 5ú Feabhra, 2014.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, i bpáirt le hIonad an Léinn Éireannaigh, atá ag maoiniú an togra seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:39:58

Admin/login Comments RSS

ILBF