Ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beatha agus sláinte!

 

Cuirfear tús le ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir do dhaoine fásta an tseachtain seo chugainn (12–15 Bealtaine 2014) i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach.

 

Beidh ranganna ar fáil ag na leibhéil seo a leanas: Bunrang 1, Bunrang 2, Meánrang 1, Meánrang 2, Ardrang  agus Cruinneas sa Ghaeilge.

 

Is féidir bualadh isteach chugainn ag 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, inniu (Déardaoin, 8 Bealtaine) idir 5pm agus 7pm le haghaidh measúnú saor in aisce.

 

Más mian leat triail a bhaint as rang 20 nóiméad agus blaiseadh a fháil d’ár gcur chuige teagaisc, tar chuig imeacht saor in aisce, Blaiseadh den Ghaeilge, a bheidh á reáchtáil againn an Satharn seo, 10 Bealtaine, idir 12pm agus 1pm. Fáilte roimh chách!

 

Is féidir rang oíche a chur in áirithe anois ar www.gaelchultur.com ach cliceáil anseo nó trí ghlaoch orainn ar (01) 484 5220.

 

Beidh an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ag tosú Dé Sathairn, 24 Bealtaine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-06-29 02:59:52

Admin/login Comments RSS

ILBF