Raidió na Life agus Raidió Fáilte ag craoladh beo ag LÁ MÓR NA GAEILGE

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Raidió na Life agus Raidió Fáilte ag craoladh beo ag LÁ MÓR NA GAEILGE

Ar an Satharn 15ú Feabhra beidh Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste ag déanamh comhchraoladh beo den chéad uair riamh.

Beidh an craoladh seachtrach stairiúil seo ag teacht ó Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath idir 15.00 – 16.00  fad is atá LÁ MÓR NA GAEILGE – Siúl ar son do Chearta ar siúl. Tá an mórshiúl seo á eagrú ag Conradh na Gaeilge chun seirbhísí Stáit a lorg as Gaeilge don phobal atá ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla, go háirithe sa Ghaeltacht.

Beidh Lisa Nic An Bhreithimh agus Ciarán Ó Fainín ag cur an clár i láthair agus beidh réimse leathan d’aíonna ar an gclár ó áiteanna ar fud na tíre . Bí ag éisteacht ar an Satharn beag seo ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath agus 107.1FM i mBéal Feirste nó ar fud an domhain ar www.raidionalife.ie  agus www.raidiofailte.com

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le   Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life ag cian@raidionalife.ie nó ar 01-661 6333

Tuilleadh eolais faoi Lá Mór na Gaeilge ar fáil anseo -  https://www.facebook.com/events/531981476900881/rffailte

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive