Radio Academy Award do na Sé Chontae buaite ag Raidió Fáilte

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

In ainneoin comórtais géir ó staisiúin raidió eile is ag Raidió Fáilte a bhí an bua sna Radio Academy Awards. Fuair stáisiún raidió Gaeilge Bhéal Feirste ardmholadh ó mholtóirí an chomórtais a dúirt “in ainneoin chómórtais ghéir ó stáisiúin iontacha eile, is ag Raidió Fáilte a bhí an bua de thairbhe uaillmhianachta agus fhorleithneacht a chlár” Anuas air sin, arsa na moltóirí, “Is pléisiúir a bhí ann a bheith ag éisteacht leis an iarrthóir seo, ba bhinn leis na cluasa iad agcuid clár. In gach aon rud a dhéanann siad tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil Raidió Fáilte ag cur thar maoil le paisean dá dteanga, dá lucht éisteachta agus do mheán an Raidió é féin. Oibríonn siad go crua ní amháin le teanga a chur chun cinn agus a chaomhnú ach le raidió cruthaitheach fíreannach a chur chun cinn chomh maith.”

Chuir Bainisteoir Raidió Fáilte Fergus Ó hÍr fáilte roimh an duais a rá ‘tugann an duais seo aitheantas don obair mhór mhaith a dhéanann foireann agus craoltóirí deonacha Raidió Fáilte agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leofa ar fad as a ndíogras. Faigheann Raidió Fáilte áischothú dearfach ó éisteoirí fud fad an domhain ach is mór an sásamh é d’fhoireann an stáisiúin aitheantas a fháil ó mhóreagraíocht ar nós an Radio Acadamy. Is é BBC Raidió Feabhail a bhain an duais annuraidh agus is mór an moladh do Raidió Fáilte, stáisiún pobail Gaeilge a bhfuil mionbhuiséad aige gur chinn na moltóirí go raibh an duais seo tuillte againn.’

Tá foireann bheag ag Raidió Fáilte agus is craoltóirí deonacha iad formhór na gcraoltóirí a dhéanann cláir ann. Bíonn an stáisiún ag craoladh 24 uair in aghaidh in lae, 7 lá na seachtaine ar 107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste agus ar www.raidiofailte.com ar fud an domhain. Cuireann an stáisiún traenáil raidió d’ardchaighdeán ar fáil i scileanna raidió agus craoltóireachta agus tá breis agus 20 iarthraenálaithe i ndiaidh fostaíocht a fháil i ngnéithe éagsúla na meán cumarsáide. Tá eiteas láidir for-rochtana ag an stáisiún agus bíonn daoine ón phobal Phrotastúnach, ón phobal Aontachtach agus ó phobail nua na n-inimirceach ag éisteacht agus ag craoladh ar Raidió Fáilte.

Faoi mar atá rialacha craolacháin Ofcom i láthair na huaire níl cead ag Raidió Fáilte ach a bheith ag craoladh i gceantar Bhéal Feirste. Tá cuid mhór daoine taobh amuigh de Bhéal Feirste atá ag iarraidh go mbeadh Raidió Fáilte ar fáil i gceantar s’acu féin.  Anois go bhfuil an duais seo faighte ag Raidió Fáilte táthar ag súil go mbeidh cás níos láidre ag an stáisiún le cur os comhair an rialaitheora craolacháin OFCOM le cead a fháil an seirbhís a leathnú thar limistéar tíreolaíochta níos forleithne.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-23 03:23:31

Admin/login Comments RSS

ILBF