Putin caithréimeach, teannas ag treisiú sa Chrimé

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tuairiscíodh tráthnóna inniu gur maraíodh saighdiúir de chuid na hÚcráine in eachtra ag lárionadh míleata i bpríomhchathair na Crimé, Simferopol. Ní léir de réir céad tuairiscithe cad go díreach a thit amach. Ach tá teannas ag treisiú sa reigiúin go háirithe i ndiaidh don Rúis fógairt ar maidin go bhfuil siad an Chrimé a thabhairt isteach i gCónaidhm na Rúise.

Agus é ag labhairt leis an Kremlin inniu dúirt Vladimir Putin go raibh an reifreann a reachtáladh sa Chrimé an Domhnach seo caite ag teacht le dlí idirnáisiúnta. Agus mhaígh sé gur chreid pobal na Rúise riamh anall, ina gcroí agus ina meon, gur cuid den Rúis í an Chrimé.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 19:12:56

Admin/login Comments RSS

ILBF