PSNI chun achomharc a dhéanamh faoin rialú cúirte i dtaobh mórshiúlta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Matt Baggott go mbeidh an PSNI ag déanamh achomhairce i ndiaidh do bhreitheamh ceistiú go géar an dóigh ar phléigh siad le hagóidí mídhleathacha a reachtáil dílseoirí i mBéal Feirste anuraidh. Ina bhreithiúnas thug an Giúistís Seamus Kerr le fios gur éascaigh an PSNI in amanna do mhórshiúlta a bhí mídhleathach agus in amanna forneartúil agus go raibh bunús le gearán duine ó cheantar an Trá Gearr a thóg an athbhreithniú dlíthiúil i gcoinne an PSNI. Ar feadh roinnt seachtainí anuraidh lig an PSNI do na céadta dílseoir máirseáil ó Oirthear Bhéal Feirste isteach go lár an bhaile agus ansin ar ais go hOirthear Bhéal Feirste cé nach raibh cead mairseála acu. Tharla caismirtí roinnt uaireanta nuair a tugadh na mórshiúlta thar an Trá Gearr, ceantar náisiúnach, agus thóg duine ón cheantar cás i gcoinne an PSNI as a bheith ag ligean do mhórshiúlta mídhleathacha dul thar a teach go rialta. Deir Matt Baggott, Ard Chonstábla an PSNI, gur sheachain an polasaí a bhí acu forneart ar scála i bhfad níos mó ná an forneart a tharla agus chosain sé seasamh a oifigigh agus seasamh an fhórsa.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 21:56:19

Admin/login Comments RSS

ILBF