Príosúnacht saoil do Wayne Dundon, Nathan Killeen as marú Roy Collins

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Gearradh príosúnacht saoil inniu ar Wayne Dundon agus Nathan Killeen nuair a ciontaíodh iad sa Chúirt Coiriúil Speisialta as dúnmharú Roy Collins i Luimeach in 2009. Chuir san bheirt acu in iúl nach raibh siad ciontach. Ach ciontaíodh Wayne Dundon as an mharú a eagrú le linn dó a bheith i bpríosún agus ciontaíodh Nathan Killeen as a bheith ina tiománaí ar an charr a úsáideadh sa dhúnmharú. Dar leis an chúisitheoir go raibh Dundon ag iarraidh díoltais as an ról a shíl sé a bheith ag clann Collins in eachtra a fhág gur cuireadh Wayne Dundon faoi ghlas go gceann deich mbliana.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:56:54

Admin/login Comments RSS

ILBF