Preas Ráiteas: Géarchéim In Earnáil na Gaeilge deir 6 ceanneagras Ghaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Géarchéim In Earnáil na Gaeilge

 

 

Deir an sé cheanneagraíocht Ghaeilge go bhfuil: – Géarchéim sna heagraíochtaí Gaeilge – Foras na Gaeilge ag sárú dea-chleachtais – Cruinnithe lorgtha acu go práinneach leis na hAirí cuí Tá an sé cheanneagraíocht Ghaeilge den tuairim go bhfuil ag teip ar an bpróiseas athchóirithe atá ar bun ag Foras na Gaeilge agus go bhfuil contúirt mhór ann do sheirbhísí Gaeilge dá bharr. Roghnaíodh an sé cheanneagraíocht trí phróiseas iomaíoch le freastal ar réimsí éagsúla d’fheidhmiú polasaí Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge áfach ag diúltú soláthar dóthainneach foirne a cheadú dóibh le feidhmiú ina mór-réimsí mar cheanneagraíochtaí. Ina ionad sin, tá an Foras ag brú struchtúr foirne a fhágfaidh nach mbeidh na ceanneagraíochtaí ábalta a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Ar na deacrachtaí tá: – laghdú foirne i mórán gach réimse; – ísliú i leibhéal na bpost; – gan aon soláthar déanta d’íocaíochtaí iomarcaíochta; – Foras na Gaeilge ag sárú dea-chleachtas maidir le bainistiú athraithe agus luas míchuí leis an bpróiseas; – séanadh ar chearta fostaithe na hearnála; – ceal foirne, nach mbeidh ceanneagraíochtaí ábalta leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí. Baineann na hathruithe le gach post ar gach leibhéal sa sé cheanneagraíocht. Mar fhreagra ar phlean Fhoras na Gaeilge, a dhéanfaidh slad ar an earnáil dheonach dar linn, tá na céimeanna a leanas á nglacadh ag an sé cheanneagraíocht: – cruinnithe lorgtha mar ábhar práinne leis an mbeirt Aire lena mbaineann chun ár n-imní a léiriú agus ag éileamh go n-athrófaí an sceideal feidhmiúcháin agus go dtiocfaí ar chomhréiteach go práinneach; – Cathaoirleach agus baill de bhord Fhoras na Gaeilge curtha ar an eolas faoin ngéarchéim agus ag áiteamh orthu éisteacht le hachainí na hearnála; – comhairle dhlí á glacadh chun cearta na hearnála a bhaint amach sa bhfóram cuí. Mí Eanáir 2014, d’fhógair Foras na Gaeilge sé cheanneagraíocht a bheidh le teacht i bhfeidhm ar 1 Iúil 2014. Gan ach roinnt seachtainí fágtha, is mór an t-ábhar buartha nach bhfuil Foras na Gaeilge sásta éisteacht agus an bunsholáthar riachtanach foirne a cheadú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 01:57:23

Admin/login Comments RSS

ILBF