Post páirtaimseartha fógartha ag Cló Iar-Chonnacht d’Áisitheoir Léitheoireachta

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá post páirtaimseartha fógartha ag Cló Iar-Chonnacht d’Áisitheoir Léitheoireachta don togra LÉIM.

 

Beidh an té a cheapfar freagrach as clár tarraingteach dírithe ar an léitheoireacht a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus Leabharlann na Ceathrún Rua. Beidh sé de dhualgas orthu feachtas feasachta agus ócáidí litríochta agus léitheoireachta téamabhunaithe a chur chun cinn leis an bpobal a mhealladh i dtreo na léitheoireachta i gceantar na Ceathrún Rua agus sa cheantar máguaird. Feidhmeoidh sé seo mar scéim phíolótach a d’fhéadfaí a fhorbairt i gceantair eile má éiríonn leis. Táille: €5,000 (táille don áisitheoir) Cuirfear buiséad breise ar fáil chun táillí a bhaineann leis na himeachtaí a chlúdach. Tréimhse: Ón 18 Lúnasa 2014 go 30 Márta 2015. Spriocdháta: Glacfar le hiarratais go dtí 5 i.n. Dé Máirt 15 Iúil Tuilleadh eolais ar fáil ó http://www.cic.ie/news/aisitheoir-leitheoireachta-don-togra-leim nó déan teagmháil le Deirdre Ní Thuathail ar <mailto:eolas@cic.ie> eolas@cic.ie / 091 593307

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:07:15

Admin/login Comments RSS

ILBF