‘Poll sa Bhalla’ fágtha ag lucht goidte ‘Poll sa Bhalla’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Níor éirigh le lucht róbála oiread is cent a thabhairt amach as an uathmheaisín bainc a goideadh ar 5.3o ar maidin inniu ó bhalla chraobh Bhanc na hÉireann i dTobar an Choiré i gContae Shligigh. D’éirigh leis an buíon a bhí páirteach sa robáil an meaisín a thochailt amach as balla an bhainc le tochaltóir agus cuireadh é ar chúl veain. Ach fuarthas an veain agus an meaisín tréigthe thart faoi ocht gcileamadar ón bhaile. Tuigtear go raibh na Gardaí ar an láthair taobh istigh de tamall gairid agus gur thug sin ar na robálaithe imeacht sula raibh faill acu an mheaisín a bhaint as a chéile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 04:38:23

Admin/login Comments RSS

ILBF