Polaiteoirí ar gach taobh ó thuaidh: Beart de réir briathra maidir leis an Acht – POBAL

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Polaiteoirí ó gach taobh: Beart de réir briathra maidir leis an Acht

Agus Enda Kenny is David Cameron i mBéal Feirste dona cainteanna polaitiúla, dúirt POBAL, eagras abhcóideachta na Gaeilge, go mbeidh Acht na Gaeilge arís ina teist litmeas do na hinstitiúidí polaitíochta a cuireadh ar bun i ndiaidh Chomhaontú Chill Rimhinn.  Dúirt Janet Muller, PF POBAL, ‘Inniu, eitlíonn Taoiseach agus PA na Breataine isteach le próiseas na gcainteanna a neartú agus ta a fhios againn go bhfuil pobal na Gaeilge ag fanacht le feiceáil cad é a thiocfaidh chun cinn maidir le hAcht na Gaeilge. Le hocht Bliain anuas, chonaic muid ceist na reachtaíochta ag preabadh anonn is anall idir na páirtithe mar a bheadh liathróid ping pong ann. Beart de réir briarthra anois an rud ata de dhíth. idir na t-am seo agus an Nollaig, bogfaidh na cainteanna ar aghaidh, nó beidh géarchéim eile ann arís.  Ach ní thig le polaiteoirí an Tionóil leanstan leis an leatrom soiléir in éadan na Gaeilge. Mura bhfuil siad in ann teacht ar chomhréiteach, agus Acht Gaeilge, cuimsitheach, ceart-bhunaithe a thabhairt isteach, caithfear an rialtas ó dheas an fód a sheasamh go gcomhlíonann rialtas na Breataine an gealltanas a thug sé ag Cill Rímhinn. Caithfidh Enda Kenny, Charlie Flanagan agus Gary Hart, ionadaí na SAM ag na cainteanna, a chinntiú go dtugtar isteach an tAcht taobh istigh d’achar ama aontaithe ag Westminster.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:05:26

Admin/login Comments RSS

ILBF