Poist san Aontas Eorpach – Liadh Ní Riada

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus í ag labhairt ón Pharlaimint Eorpach inniu tá sé nochtaithe ag Liadh Ní Riada FPE go bhfuil litir curtha chuig an Aire Gaeltachta Ó Duibhneacháin ó fheisirí uile Shinn Féin ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an maolú i leith na Gaeilge san AE. Dúirt Ní Riada: “ Fuair an Ghaeilge stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre i 2007 ach mar gheall ar an maolú seo níl cearta iomlán aistriúcháin ná ateangaireachta tugtha don Ghaeilge, mar atá faighte ag teangacha oifigiúla go léir an AE. “ Síneadh an maolú i 2012 agus caithfear cinneadh a dhéanamh é a chur ar ceal nó é a shíneadh arís faoi dheireadh 2015. Ach tá sé riachtanach go ndéanfar cinneadh é a chur ar ceal i bhfad roimhe sin chun go mbeadh an líon riachtanach saineolaithe Gaeilge earcaithe in am tráthúil. “ Tá litir curtha agam agus ag na trí fheisire eile de chuid Shinn Féin chuig an Aire Ó Duibhneacháin ag iarraidh air arís eile deireadh a chur leis an maolú agus ligint don Ghaeilge a stádas ceart cothrom san Eoraip. “ I dtréimhse nuair atá cruthú post ar leibhéal géarchéime in Éirinn tá sé ríthábhachtach go ngníomhaí an tAire ar an cheist seo láithreach – go mórmhór nuair a bheadh tuairim is 180 post eile cruthaithe san Eoraip do aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge, gan chostas breise do Rialtas na hÉireann, ach deireadh a chur leis an maolú. “ Dá mbeadh an maolú curtha as, is ann a bheadh céim iontach suntasach do stádas na Gaeilge san Eoraip agus in Éirinn freisin. Nuair a tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge 7 mbliana ó shin, d’ainneoin an mhaolaithe mhéadaigh an líon mac léinn ag dul don Ghaeilge ó 100 go 200 in Ollscoil Mhá Nuad agus ó 280 go 380 in Ollscoil na Gaillimhe taobh istigh de dhá bhliain. Gan an maolú agus stádas na Gaeilge go hiomlán i bhfeidhm bheadh an t-éileamh ar chúrsaí Gaeilge ar leibhéal do-chreidte. Nuair a d’éirigh le Málta, oileán beag i bhfad níos lú ná Éire, deireadh a chur lena mhaolú i ndiaidh trí bliana, bheadh sé náireach muna ndéanfadh ár rialtas féin é taobh istigh de 10 mbliana. CRÍOCH

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive