Pointe pionóis – sáraíodh ar pholasaí go rímhinic dar le Cigireacht an Gharda Síochána

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Léiríonn tuarascáil ó Chigireacht an Gharda Síochána go raibh iad sin a bhí freagrach as polasaí maidir le pointí pionóis freagrach as an pholasaí sin a shárú go minic. Chaith an Chigireacht ocht mí af fiosrú an chórais agus cáineann a dturasascáil an córas ar an iliomad bealach is cúise. I measc rudaí eile dar leis an Chigireacht nach bhfuair siad aon fhianaise ann go raibh bainistíocht ardchaighdeán riaracháin don phróiseas cealaithe pointí, ní ag leibhéal ceannárais, ag leibhéal reigiúnda, ceantair ná ag aon leibhéal. Mhaígh siad gur léir nach ceist don Gharda amháin é réiteach na n-easnamh atá aimsithe acu. Thug siad le fios gur córas a bhí ann a bhí easnamhach ar bhonn teicniciúil, neamh chomhordnaithe maidir le bainistíocht de, agus gan córas tacaíochta chuí. Cáintear an córas ar an iliomad cúis agus mhol an Chigireacht 37 leasú ar a chóras. Maidir leis an fhianaise a thug an Garda Maurice Mc Cabe agus an tuarascáil seo faoi phointí pionóis á ullmhú dúirt an Chigireacht go raibh a fhianaise faoin cheist seo ‘inchreidte.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 22:24:14

Admin/login Comments RSS

ILBF