POBAL: Tá Géarchéim in earnáil na Gaeilge le tamaill fada

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt POBAL, scátheagras phobail na Gaeilge, go bhfuil an 6 cheanneagras atá ceaptha ag Foras na Gaeilge i mí Eanáir anois ag cáineadh an Fhorais féin. Dúirt Janet Muller, PF POBAL, ‘Bhí sé soiléir le tamaill fada go raibh fadhbanna oll-mhór ann i gcur chuige an Fhorais maidir le bunmhaoiniú. Tagraítear inniu do ‘géarchéim’ don Ghaeilge ach bhí géarchéim ann i bhfad roimhe seo. Taobh istigh do roinnt seachtainí, beidh ar eagraíocht maithe Gaeilge deireadh a chur le seirbhísí agus le poist agus na doirse a dhruidim, nó leanstan leo an oiread agus is féidir gan maoiniú ná tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Beidh pobal na Gaeilge thíos go mór leis ar an oileán ar fad, ach go háirithe sa tuaisceart, áit atá cinntí an Fhorais ag déanamh sláid ar infrastructúr na Gaeilge.’ Lean sí, ‘Dúirt na heagrais ó thuaidh ón tús go ndéanfadh cinntí an Fhorais dochar buan don Ghaeilge. Beidh saineolas agus sainscileanna caillte, beidh neamhspleáchas i gcontúirt agus arís eile, in áit tógáil ar obair na hearnála, beidh cinntí Fhoras na Gaeilge ag tochailt fúithi. Cuireann siad deireadh le tionscadal maith amháin le tionscadal nua a cruthú, bíonn gleadhradh agus plámás ann agus ansin cuireadh Foras deireadh leis agus tosaíonn an próiseas ar fad arís eile. Is é sin atá déanta acu maidir le bunmhaoiniú. Tá fadhb níos doimhne i gceist anseo ná cúpla punt sa bhreis do 6 cheanneagras. Tá dualgas ag an dhá stát an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá teip orthu na dualgais sin a chomhlíonadh.’ Janet Muller Príomhfheidhmeannach *POBAL*,

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:32:49

Admin/login Comments RSS

ILBF