Pobal na Seanchille ag cuimhneamh ar na mairbh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí os cionn míle duine i láthair aréir do mhórshiúil cuimhneacháin ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste chun comóradh ar 25 duine a maraíodh i bpléascáin de chuid an IRA a tharla sa cheantar le linn na dTrioblóidí. Ba é an buama ag siopa éisc Frizell an sleacht is mó ach cuimhníodh fosta ar dhaoine a maraíodh in ionsaithe ar tithe tabhairne agus siopa troscáin chomh maith. Tá sé fiche bliain go cothrom maraíodh  naonar sibhialtach, daoine ó mhórcheantar na Seanchille agus ball den IRA nuair a phléasc buama a bhí Thomas Begley agus Sean Kelly ag thabhairt isteach sa siopa éisc. Ba é cruinniú den UDA an targaid a bhí acu ach ag deireadh na seachtaine seo caite mhaígh Alan Mc Bride gur léir nár cuireadh beatha a mhná chéile ná na sibhialtaigh eile a maraíodh, nár cuireadh san áireamh ar chor ar bith iad nuair a beartaíodh ar an siopa a ionsaí. Maraíodh bean chéile Alan Mc Bride agus athair a mhná chéile san ionsaí. Sa tseachtain i ndiaidh na buama shléachtaigh an UVF/UDA níos mó ná dáréag Caitliceach, díoltas, dar leo, as buama na Seanchille.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive