Pobal Léitheoireacht Gaeilge a chothú – Conas?

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Pobal Léitheoireacht Gaeilge a chothú – Conas? Deirtear go minic gurbh i an chúis nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag mórán de mhuintir na hÉireann, tar éis dóibh dhá bhliain déag a chaitheamh á foghlaim ar scoil, ná go bhfuil an modh teagaisc lochtach. Tá sé ráite nach gcaitear go leor ama ar chomhrá Gaeilge seachas ar an scríbhneoireacht agus ar an léitheoireacht. Leis an oiread sin am scoile caite ar leitheoireacht, cén fáth nach bhfuil pobal níos leithne léitheoireachta againn? Is féidir borradh a aithint faoi láthair i réimse foilsitheoireachta leabhar; tá leabhair sholéite, sár-dheartha ar fáil do dhéagóiri agus an-éileamh orthu. Tá an t-éileamh seo ag teacht ó mhúinteoirí i meánscoileanna atá ar lorg úrscéalta ó údair mar Ray Ó Laighléis (‘Osama, Obama, Ó a Mhamaí’); Anna Heusaff (‘Hóng’), Pól Ó Muirí (An Bealach Cóir), Eilís Ni Dhuibhne (Dordán) agus Áine Ni Ghlinn (Fuadach) agus go leor eile. Tá comhlachtaí mar Chló Mhuigheo, Cois Life, Coiscéim agus cuid eile nach iad ag cur saothair agus samhlaíochta san fhás seo agus tá na e-leabhair ag teacht chun tosaigh anois. Tá nósmhaireacht léitheoireachta á fórbairt tríd an phróiseas seo. Níl nósmhaireacht a chothú nó cothaithe, áfach, i measc an phobail fhásta ó thaobh a bheith ag léamh cúrsaí reatha agus nuachta de. Tá pobal de 100,000 ag labhairt Gaeilge go rialta in Éirinn agus thar sáile agus 200,000 eile ag a bhfuil cumas maith cainte acu, agus ghlacfá leis, mar sin, go dtiocfadh 20,000 léitheoir rialta a aimsiú do sheirbhís nuachta atá clóite nó ar fáil ar an idirlíon. Tá pobal léitheoireachta breis is 46,000 duine ag Beo! Tá an figúir seo réasúnta maith d’iris atá ar fáil arlíne amháin gan a bheith clóite. Tá an t-ábhar, a bheas faoi chaibidil ar an Aoine, pléite go minic i saol na Gaeilge agus tá sé i mbéal phobal na Gaeilge arís le tamall anuas. Tá an deis á tabhairt an scéal seo a chíoradh ag an Oireachtas; is ag súil le tuairimí dearfacha atáthar ar an bhuncheist ‘Conas is féidir pobal léitheoireachta Gaeilge a chothú’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:41:22

Admin/login Comments RSS

ILBF