POBAL agus Acht na Gaeilge – ‘níor chóir fanacht 8 mbliain eile!’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preas ráiteas

 

POBAL agus Acht na Gaeilge – níor chóir fanacht 8 mbliain eile

 

Is é POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, a stiúir agus a bhrúigh obair le hAcht Gaeilge do na se chontae a shainmhíniú agus a chur chun cinn. Anois, tá ceannródaithe na reachtaíochta ag gríosaigh grúpaí Gaeilge agus phobail le teacht le chéile le moltaí comhaontaithe an phobail maidir le hacht cuimsitheach ceart bunaithe, a n-éileamh mar bhunús achta. Dúirt Janet Muller, PF POBAL, ‘Is é POBAL a chur Acht na Gaeilge ó thuaidh ar liosta na n-éilimh ag an mhórshiúil i mBÁC ar na mallaibh. Anois, tá POBAL ag glaoigh ar gach duine teacht ar bord linn do mhórshiúil ar son Acht na Gaeilge i mBéal Feirste, Dé Sathairn 12 Aibreán. Is é POBAL a chuir an cheist seo ar an chlár le hocht mbliain anuas, ó ghealltanas Chomhaontú Chill Rimhinn. Choinnigh muid an tAcht chun tosaigh trí stoacaireacht ar pholaiteoirí go háitiúil, ag Westminster, i mBÁC, san Eorap agus i Washington. Reáchtáil muid sraith do mhórshiúlta go lár Bhéal Feirste, chomh maith le comhdhálacha idirnáisiúnta, agus imeachtaí cearta teanga eile. I 2012, i ndiaidh dúinn comhairliúchán poiblí a eagrú, rinne muid comhmholtaí aontaithe an phobail a nuashonrú, le comhairle ó roinnt de na saineolaithe idirináisiúnta is aitheanta maidir le reachtaíocht teanga.’ Lean sí, ‘Bhí anois seacht mbliain ag polaiteoirí le gníomh go héifeachtach ar an cheist seo, agus ní nach ionadh go mbriseann anois foighne an phobail. Ta a fhios againn, taobh istigh do roinnt seachtainí, go mbeidh an tAire Sinn Féin, Carál Ní Chuilín ag foilsiú moltaí reachtaíochta, ach tá a fhios againn chomh maith go mbeidh comhaontú traspháirtí de dhíth leis na moltaí seo a chur chun cinn ag leibhéal an Tionóil. Faoi láthair, níl sé soiléir go mbeidh a leithéid ar fáil. Fáiltíonn muid roimh dhíograis na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ar an cheist seo, ach ní leor gníomhartha nach gcríochnaíonn i gcosaint suntasach don teanga. Níor chóir go mbeadh ar an phobal fanacht ocht mbliain eile ar shainchosaint sa dlí do chearta teanga. Tá POBAL anois teacht amach agus tacaíocht a thaispeáint arís eile d’acht Gaeilge chuimsitheach, ceart-bunaithe.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 22:29:01

Admin/login Comments RSS

ILBF