Pléasc ag ostán i nDoire

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Grúpa easaontach Poblachtach a bhí freagrach as an ionsaí buamála aréir ar ostán i nDoire meastar. Chaith fear an buama isteach sa chuid tosaigh d’Ostán Everglades agus d’imigh leis. Cuireadh fios ar na péas agus theith daoine ón ostán. Phléasc an buama leathuair a chloig níos moille fad is go raibh saineolaithe ó arm na Breataine ag iarraidh an dochar a bhaint de. Chuir an pléascán, nach raibh iontach mór, tús le tine agus rinne sé sin damáiste go leor do thosach an ostáin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 07:50:20

Admin/login Comments RSS

ILBF