Plé dhá lá sa Dáil ar vóta mímhuiníne as Alan Shatter

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh an fhreasúra ag díriú isteach ar bhearnaí sa chuntas faoi scannal na dtaifead a rinneadh i stáisiúin an Gharda, agus ar chonspóid faoi na cúiseanna gur shocraigh an iarChomisinéir Martin Callinan chun éirí as a phost nuair a dhéanfar plé dhá lá sa Dáil inniu agus amárach ar vóta mímhuiníne as Alan Shatter. Is iad Fianna Fáil a mhol an vóta agus rún acu go háirithe tabhairt ar Pháirtí an Lucht Oibre seasamh go huile is go hiomlán le hAlan Shatter, nó síleann siad gur drogall le baill áirithe an pháirtí a dhéanamh amhlaidh. Ní baol go mbeidh an bua ag an fhreasúra sa vóta ach is rún don fhreasúra coinneáil leis an bhrú agus an scéal a choinneál i mbéal an phobail ag am atá cuid den goimh imithe as. Ba mhaith leis an rialtas fáil a fhad le sos na Cásca gan tuilleadh dochair a bheith déanta don Aire nó don rialtas i dtaobh na ceiste seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:34:47

Admin/login Comments RSS

ILBF