Picéad roimh Cormac@5 agus cainteoirí go leor ar an phainéal ann ar ball

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh picéad ann roimh chraoladh Cormac@5 ag Cultúrlann Mc Adam – Ó Fiaich i mBéal Feirste tráthnóna. Tá an picéad á reachtáil ag an Iontaobhas Ultach agus beidh tacaíocht acu ó eagrais eile sna Sé Chontae atá lena gcroímhaoiniú a chailleadh cionn is an Samhail Nua Maoinithe.

Beidh ionadaí ó Foras Na Gaeilge páirteach sa dhiospóíreacht ar ball i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich maidir leis an  ‘Samhail Nua Mhaoinithe’. Tuigtear gur Seán Ó Coinn, leasphríomhfheidhmeannach an Fhorais a bheidh ar an phainéal. Ina chuideachta beidh Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, Julian De Spáinn  Conradh na Gaeilge, Réamonn Ó Ciaráin Gael Linn agus Liam Ó Maolaodha, Oireachtas Na Gaeilge.

Beidh Aodán Mac Poilín ón Iontaobhas ULTACH, Niall Ó Donnghaile, ó Shinn Féin agus Dominic Bradley Mla páirteach sa phlé chomh maith ach níl liosta iomlán iad sin a bheidh ar an phaineál ar eolas fós.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-21 05:52:17

Admin/login Comments RSS

ILBF