Picéad ag an Chultúrlann i mBéal Feirste inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Déanfaidh socruithe Fhoras na Gaeilge dochar do-leasaithe don teanga

 

Beidh eagraíochtaí bunmhaoinithe na Gaeilge ag reáchtáil agóid síochánta taobh amuigh do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dé Máirt 4 Feabhra ar 4.30, áit a bheidh an clár de chuid Raidió na Gaeltachta, Cormac@5 le craoladh beo ar 5 in. Mar ábhar an chlár, beidh cinntí Fhorais na Gaeilge, deireadh a chur le bunmhaoiniú do na heagrais uilig ó thuaidh, 30 Meitheamh 2014.  Beidh polaiteoirí de chuid an SDLP agus Sinn Féin ar phainéal de chainteoirí ar an chlár, chomh maith le ceannasaithe ó 4 as 6 do na heagrais Baile Átha Cliathacha a cheapadh mar cheanneagraíochtaí. Creidtear gur dhiúltaigh Foras na Gaeilge urlabhraí a chur ar an phainéal.

 

Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh feargach agus imníoch gur roghnaigh Foras na Gaeilge 6 cheanneagras agus gan ceann ar bith acu lonnaithe ó thuaidh. Dar leo, go gcaillfear saineolas, sainscileanna, seirbhísí  agus guth údarásach an tuaiscirt; go scriosfar infrastructúr na Gaeilge ó thuaidh agus go mbeidh an teanga thíos leis fud fad na tíre.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 12:58:04

Admin/login Comments RSS

ILBF