Phil Hogan – 32 feisire ar a shon, deichniúr ina choinne

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Vótáil 32 feisire Eorpach ar son Phil Hogan a bheith ceaptha ina Choimisnéir Eorpach inniu agus gan ach deichniúr ina choinne. D’iarr dá ghrúpa sa Pharlimint, ceann ón eite chlé agus ceann ón eite dheis, d’iarr siad an vóta i ndiaidh don Uasal Hogan dul faoi cheistiú ag baill den Choiste Talmhaíochta. Ag na héisteachtaí sin chosain an iarAire Comhshaoil é féin go láidir i gcoinne cháineadh agus cheistiú ó Matt Mc Carthy, Sinn Féin, agus Luke Ming Flanagan, Neamhspleách.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:33:24

Admin/login Comments RSS

ILBF