Peter Robinson – ní cheart go gcuirfeadh duine ar bith in iúl gur rud mícheart é teanga a fhoghlaim

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Peter Robinson go n-aontaíonn seisean le seasamh an Ord Oráistigh faoin Ghaeilge, is é sin nach bhfuil siad i gcoinne foghlaim na Gaeilge, gur rogha é don duine aonair agus gur cheart do dhaoine glacadh le rogha an duine aonair.

‘Tá sé faoin duine aonair’ arsa an Chéad Aire Robinson. ‘Tá cead ag gach duine a rogha teanga a fhoglaim, agus a chleachtadh más sin a mian. Agus ní cheart do dhuine ar bith a bheith ag iarraidh cur in iúl go bhfuil sé ceart nó mícheart ag déanamh amhlaidh. Bhí mé iontach sásta gur sheas an tOrd Oráisteach leis an cheart sin.’

Agus arsa an Leas-Chead Aire Martin Mc Guinness, ‘Ní le haon pháirtí polaitiúil ná le aon chuid den phobal an Ghaeilge. Is le gach duine í agus b’fhéarr liom go stopfadh daoine de bheith ag iarraidh ceist pholaitiúil a dhéanamh di.’Tá siad i measc slua mór de pholaiteoirí a nocht a dtuairim faoin cháineadh a rinne Ard Mhaistir an Ord Oráistigh George Chittick ag an deireadh seachtaine seo caite nuair a mhaígh sé nár cheart do Phrotastúnaigh an tuaiscirt Gaeilge a fhoghlaim mar gur cuid de chlár oibre Poblachtach é.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:30:01

Admin/login Comments RSS

ILBF