Peter Robinson ag iarraidh bualadh le clann Mc Conville

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Peter Robinson go bhfuil sé sásta bualadh le clann Mc Conville agus cuidiú leo. Dar leis an Chéad Aire ó thuaidh go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh an cuma a chur orthu féin gur íospartaigh iad nuair is é clann Mc Conville na híospartaigh sa chás seo, deichniúr páiste a fágadh gan mháthair mar gheall ar choir mhillteanach.

Ag cruinniú toghcháin in iarthar Bhéal Feirste bhailigh suas le míle tacaí is oibrí le Sinn Féin isteach i dtionól ag an Devenish Arms. Chuala siad Gearóid Mac Adam ag tagairt don ceithre lá a chaith sé faoi ghlas mar ‘rud nach raibh mór agus muid ag cuimhneamh inniu ar bhás Bobby Sands’ cothrom an lae inniu 33 bliain ó shin.

Thuar sé go mbeadh tsunami de ionsaithe is cáineadh ar Shinn Féin san fheachtas toghcháin agus luaigh sé go sonrach sa chomhtheacs sin nuachtáin Independent Newspapers.

Ach dhírigh bunús a chuid cainte ar fheachtas toghcháin Shinn Féin thuaidh is theas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 11:36:59

Admin/login Comments RSS

ILBF