Peter O’Toole i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an t-aisteoir Éireannach. Peter O’Toole I ndiaidh bás a fháil agus é in aois 81 bliain. Rugadh Peter O’Toole I gConamara ach chaith sé bunús a shaoil ina chónaí I Sasana. Thuill sé clú mar aisteoir sna 1960í, clú a d’ardaigh go mór nuair a bhí sé I bpáirt Lawerence of Arabia I scannán mórchlú David Lean. Bhí sé ar dhuine de bhuíon aisteoirí fir, Richard Harris san áireamh, a rinne a mhór den saol crua a chleachtaigh siad, amuigh ar na cannaí oíche i ndiaidh oíche agus dá réir. Bhí ailse air sna 1970í ach mhair sé beo ina ainneoin.

Moladh é ocht n-uair do Ghradam Oscar agus in 2003 bronnadh Gradam Oscar Ónórach air. Bhí Goodbye Mr Chips, The Ruling Class, The Stunt Man agus My Favourite Year ar na scannáin is aitheanta a bhí sé páirteach ann.

Maireann a bheirt íníon Pat agus Kate O’Toole, agus a mhac, Lorcan O’Toole.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:13:35

Admin/login Comments RSS

ILBF