Pardún do Snowden?

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir duine de na daoine is sinsirí san NSA go mba fhiú é labhairt faoi phardún a thabhairt do Edward Snowden ar acht nach bhfoilsíonn sé tuilleadh de na doiciméidí atá ina seilbh aige. Dar le Richard Ledgett, an fear a bhfuil fiosrúchán cás Snowden faoina chúram aige, dar leis gurbh fhiú a leithéid a phlé. Thug sé le fios áfach gur tuairim phearsanta é seo seachas tuairim an NSA. Tuigtear nach bhfuil ach 1% de na doiciméid, 1.7m acu, atá ina sheilbh aige foilsithe ag Edward Snowden go dtí seo. Ach dúirt ceannasaí an NSA, Keith Alexander, nach bhfuil ciall leis an mholadh. ‘B’ionann é agus ligean do fhear a thóg 50 duine ina ngialla agus a mharaigh deichniúr acu pardún a bheith aige cionn is nár mharaigh sé an 50 duine ar fad’ ar seisean. Beidh an tUasal Alexander ag éirí as an phost go luath sa bhliain úr, áfach, agus thiocfadh dó go mbeadh athrú seasaimh ag an NSA ar imeacht dósan.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:44:44

Admin/login Comments RSS

ILBF