Paisley – bhí mise i bhfách le ‘Fear amháin, vóta amháin’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

De réir tuairiscithe go maíonn Ian Paisley i scannán faisnéise BBC go raibh an córas a chleachtaigh aontachtaithe roimh thús na dtrioblóidí mícheart. Cé go raibh sé féin ar an duine is mó a spreag Protastúnaigh agus polaiteoirí chun cur i gcoinne gluaiseacht na gcearta sibhialta ó thuaidh maíonn sé sa chlár seo, más cruinn, go raibh an córas a dhiúltaigh vóta ar bhonn cothrom do náisiúnaithe nó Caitlicigh éagórach. ‘Níorbh é ‘aon fhear, aon vóta’ agus ní aon bealach é sin chun tír a reáchtáil. Bhí an córas uilig mícheart.’ Ach dar leis’ Bhí an gluaiseacht chearta sibhialta ceangailte le bagairtí agus rudaí éagsúla. Ba chuid é den pota mór a bhí ar fiúcadh agus a bhí á téadh ag codanna éagsúla den phobal féacháil lena n-aidhmeanna siúd a bhaint amach.’

Maidir le buamaí Mhuineacháin/Baile Átha Cliath ar seisean, ‘Baineadh siar díom. Baineadh siar go mór díom, go raibh duine ar bith le gortú sa bhealach seo. Ach, abair, cé a tharraing an rud orthu? Iad féin, b’é a gceannairí politiúla……ag an am sin bhí dearcadh rialtas an deiscirt faoi Thuaisceart Éireann amaideach ar fad.’

Nocht sé roinnt tuairimí eile a tharraing cinnlínte i nuachtáin agus feasachtaí nuachta an lae inniu ach is i ráiteas agus míreanna ar leith scannáin a cuireadh eolas faoi na sliochta seo ar fáil agus ní léir go fóill comhthéacs na sliochta seo nó an sliochta iomlán iad seachas sliochta ar leith as abairt níos iomláine. Rinne Ian Paisley a chaint i scannán faisnéise de chuid an BBC a thug faill don iriseoir Eamonn Mallie é a chur faoi agallamh fhada. Craolfar an clár oíche Luain dá seachtain as a chéile ar an BBC ó thuaidh.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-16 10:48:59

Admin/login Comments RSS

ILBF