Pádraig Schaler, a chás faoi chaibidil ag an Late Debate anocht agus SnámhPhádraig ag druidim linn

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

B’fhiú éisteacht le ‘The Late Debate’ arRaidió a hAon, RTÉ, 10.00 in, nuair a bheidh scéal Phádraig Schaler faoi chaibidil. Agus ná dearmad snámh Phádraig – imeacht urraithe chun airgead a thógáil chun cuidiú le Padraig – amharc

 

Imeacht Thiomsú Airgid ar son Phádraig Schaler. Snámh dúshlánach i ngach contae le cósta thar 2 lá. Táimid ag lorg 53 duine (bus iomlán) le páirt a ghlacadh.

An Dúshlán:
• €250+ a thiomsú ar son Phádraig Schaler roimh ré ionas gur féidir leat teacht ar an snámh…
• Tabharfar faoi 5 nóiméad a shnámh amach ó gach contae sa tír a bhfuil cósta aige (17 san iomlán thar 2 lá)
• Is gá don chorp iomlán dul faoin uisce i ngach contae
• Dé Sathairn, 12 Aibreán 2014 – bualadh le chéile i lár Bhaile Átha Cliath ag 07:30 ar maidin.
• An chéad thrá – Baile Brigín ag 08:00 agus ar aghaidh ó thuaidh
• Fanacht thar oíche i nGaillimh (brú óige) oíche Shathairn
• Críochnú i mBré, Cill Mhantáin ag 20:00 oíche Dhomhnaigh, 13 Aibreán 2014
• Íocfar as lóistín, taisteal agus bia. Rachaidh gach brabús ar aghaidh chuig an gciste ar son Phádraig Schaler ag www.CaringforPadraig.org

Má tá spéis agat an snámh a dhéanamh, déan teagmháil le hAodhán ag snamh@aodhanodea.ie. Tuilleadh eolais faoi ghortú Phádraig Schaler http://caringforpadraig.org/. Bheartaíomar ar shnámh a eagrú toisc go bhfuil grá ag Pádraig féin don snámh. Fáilte roimh chách – le nó gan Ghaeilge.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 00:40:25

Admin/login Comments RSS

ILBF