Pádraic Ó Conaire ina Uachtarán ar Oireachtas Gaeilge Cheanada

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preas Ráiteas

Pádraic Ó Conaire ceaptha mar Uachtarán don Cheathrú Fhéile Bhliantúil
“Oireachtas Gaeilge Cheanada”

27 – 29 Meitheamh 2014

Tamworth/Erinsville/Kingston, Ontario

Rugadh Pádraic Ó Conaire (‘Pat Conroy’ dá chairde i gCeanada), cainteoir dúchais Gaeilge, i gcroí-lár Ghaeltacht Conamara ar an gCeathrú Rua sa bhliain 1927.  B’fheirmeoirí a thuismitheoirí, agus cosúil le go leor eile ag an am, thóg siad an bád bán go Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1929 ag iarraidh saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin.  D’fhan Pádraic ar an gCeathrú Rua lena sheanmháthair agus tógadh ann é.  Chuaigh sé le feirmeoireacht, agus ina theannta sin, d’fhreastail sé ar Scoil Teicneolaíochta na Ceathrún Rua, áit a d’fhoghlaim sé siúinéireacht.  Nuair a bhí Pádraic sé bliana déag d’aois, rinneadh ball den Fhórsa Cosanta Áitiúil de, agus bhí sé mar chuid den Gharda Onóra nuair a tháinig Éamonn de Valera (http://bit.ly/1daD8Sv) ar chuairt sa cheantar.

Nuair a bhíodh am saor aige, i dTír an Fhia, bhaineadh sé sult as a bheith ag féachaint ar phúcáin na Gaillimhe (http://bit.ly/MIuS5H) agus ar na curacha () ag tabhairt faoina gcuid saothair, ag tarraingt móna agus earraí eile, agus ag iascaireacht sa chuan.  Bhí fíorghrá aige don cheol riamh, agus mhúin sé an bosca ceoil dó féin.  Bhí ardmheas ar a chuid ceoil i measc an phobail i gcoitinne, agus i measc na ndamhsóirí ar an sean-nós, a bhíodh ag damhsa ar na clocha leibhéalta cois cladaigh mar b’iondúil ag an am.

Sa bhliain 1947, thóg Pádraic an bád bán go Ceanada, chun bualadh suas lena thuismitheoirí i Montréal, áit a raibh siad lonnaithe ag an am sin.  Bhí áthas an domhain air bualadh ar deireadh lena dheirfiúr a rugadh I gCeanada nuair a bhí sé féin deich mbliana d’aois.  Thar na blianta, d’oibrigh sé ag tógáil tithe gloine, in aerfort Cartierville, in Imperial Tobacco, agus chaith sé cúig is tríocha bliain ag obair ag Northern Electric, go dtí gur imigh sé ar scor.

Le linn cuairt a thug sé ar Éirinn lena chara Joe Mell sa bhliain 1973, rinne sé naisc láidre le Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ).  An bhliain dár gcionn thug sé an seó taistil de chuid CCE “Echoes of Erin” go Montréal, an chéad taispeántas a thug siad riamh.  Is iomaí ócáid dá leithéid a tharla ó shin i leith.  Bhunaigh Pádraic agus a chara Joe Mell craobh de Chomhaltas i Montréal.  Bhí Padraic ina Uachtarán ar an gcraobh go dtí gur éirigh sé as cúpla bliain ó shin.  Thar na blianta, tá go leor acaláidí agus onóracha bronnta ar Phádraic de bharr a sheirbhísí a chur chultúir agus teanga na hÉireann chun cinn i Montréal.

Chomh maith le bheith ina Uachtarán ar Chomhaltas Montréal, d’eagraíodh Pádraic seisiúin chiorcal comhrá neamhfhoirmiúil dóibh siúd a raibh suim acu sa teanga agus do na hinimircigh a raibh fonn orthu snas a choimeád ar a mblas.  Freisin, bhí Pádraic ina bhall de Ancient Order of Hibernians agus ina bhall de Innisfail Montréal.  Bíonn sé i gcónaí ullamh chun a bhosca ceoil a sheinm ag cruinnithe sóisialta de chuid Innisfail.  Cé go bhfuil go leor de na hinimircigh le Gaeilge, a bhí ar comhaois leis, imithe ar slí an fhírinne, úsáideann Pádraic a theanga dhúchais fós.  Is rud iontach é seo, ós rud é gur fhág sé Conamara seacht is trí scór bliana ó shin.

Sa lá atá inniu ann, tá Pádraic lonnaithe i Rawdon, Quebec, i bpobal leath-thuaithe, ó thuaidh de Montréal lena bhean chéile Eunice.  Tá triúr páistí acu: tá Peggy lonnaithe i Vancouver agus Kevin i dToronto agus tá Patricia Conroy ina cónaí i Nashville, áit a bhfuil clú agus cáil uirthi mar amhránaí cheol tuaithe.

Cé go bhfuil Pádraic éirithe as Comhaltas Montréal, tá sé fós an-tógtha leis.  I rith an tsamhraidh, is aoibhinn leis bheith ag cur seisiúin ceoil ar siúl ina theach féin, ag tabhairt cuairteanna ar a pháistí, agus gan dabht ag tabhairt athchuairteanna ar a bhaile dúchais in Éirinn.

Is onóir agus pléisiúr don choiste go bhfuil Pádraic toilteanach bheith ina Uachtarán ar Oireachtas Gaeilge Cheanada 2014, féile a bheidh ar siúl Mí an Mheithimh i láithreacha i dTamworth/Erinsville agus Dún Laoghaire (Kingston), Ontairió.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun ticéid a cheannach, tabhair cuairt ar: www.oireachtas.ca

Cuir fiosrúcháin as Gaeilge go: Aralt Mac Giolla Chainnigh: aralt@anghaeltacht.ca

Cuir fiosrúcháin chumarsáide as Béarla go: Allyson Reid allyson@chockablock.ca

Twitter: @OGCheanada https://twitter.com/OGCheanada

Facebook: https://www.facebook.com/OireachtasGaeilgeCheanada

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 20:19:33

Admin/login Comments RSS

ILBF