Oscar Knox (5) i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cailleadh ar maidin an gasúr as Maigh Bhloisce  i gContae Aontroma a bhí i mbéal an phobail cionn is an streachailt a rinne sé féin agus a chlann chun go dtiocfadh sé slán ón ailse a bhí air. Bhí Oscar in aois 5 bliain agusle blianta bhí sé ag fáil leighéis anseo agus i Meiriceá as néarablastóma. Ba i ndiaidh dó a bheith ag dul faoi obráid i Meiriceá in Aibreán 2013 gur tugadh le fios go raibh an galar imithe óna chorp agus bhí biseach mór air ach roinnt míonna ina dhiaidh sin thosaigh sé as an úr. Bhailigh lucht a tacaíochta na céadta mílte punt chun an leigheas ar leith a mhaoiniú agus thug a scéal spreagadh do go leor daoine mar aon le poiblíocht mhór faoin ghalar.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 01:18:45

Admin/login Comments RSS

ILBF