Os cionn 49 Tír ar Domhan ag Éisteacht le Raidió i nGaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Léiríonn  na staitisticí is déanaí ó shuíomh idirlín Raidió Fáilte go bhfuil daoine ag éisteacht le podchraoltaí Raidió Fáilte in 49 tír éagsúla ar domhan agus ar gach mór-roinn ar domhan ina bhfuil daoine ina gcónaí. Tig seo ag am a bhfuil buillí www.raidiofailte.com i ndiaidh ardú suntasach a dhéanamh – os cionn 100,000 i n-aghaidh na míosa.

 

“Chuir sé idir iontas agus áthas orm a fheiceáil go raibh daoine ag éisteacht le podchraoltaí Raidió Fáilte insan oiread sin tíortha ar domhan” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte “Is léiriú é ar stádas na Gaeilge go hidirnáisiúnta agus ar ndóigh ar an bhá agus ar an ghrá atá ag daoine don Ghaeilge ar fud fad an domhain, bíodh siad ina nÉireannaigh atá ag cur fúthu thar sáile nó daoine as tíortha i gcéin atá ag cur suime sa Ghaeilge. Ba mhaith le Raidió Fáilte buíochas a ghabháil le Soundcloud as an tacaíocht a thug siad dúinn chun na podchraoltaí seo a chur ar fáil.”

 

Ar na tíortha is mó a mbíonn daoine ag éisteacht le hábhair ó Raidió Fáilte tá:

 

(1) Éire (tuaisceart) Alban, an Bhreatain Bheag agus Sasana

(2) Stáit Aontaithe Mheiriceá

(3) Éire (deisceart)

(4) Ceanada

(5) An Ghearmáin

(6) an Fhrainc

(7) an Astráil

(8) na Filipíneacha

(9) an Rúis

(10) an Bhrasaíl.

 

Na podchraoltaí is mó a bhfuil rachairt orthu ná ranganna Gaeilge Raidió Fáilte – ‘Cúpla Focal’ (Gaeilge agus Béarla) agus ‘Foghlaim le Chéile’ (Gaeilge agus Francais/Polainnis/Spáinnis). Agus tá rachairt mhór ar chláir ealaíne Raidió Fáilte chomh maith  mar shampla clár speisialta a rinne Damien Ó Dónaill faoi Sheán Bán Mac Grianna faoi Scéim Traenála Raidió Fáilte i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge/Scaileán Thuaisceart Éireann nó na cláir a léirigh Máirín Hurndall agus Eoghan Ó Néill faoin teideal ‘Samhlaigh Sin’ le tacaíocht ón CRC. Na podchraoltaí is déanaí le dul in airde ná agallamh le hAngus Lambkin a rinneadh ón Chongó áit a bhfuil sé ag obair leis na Náisiúin Aontaithe agus clár Gaeilge – Spáinnis de cheol an Eacuadór le Pádraig agus Martita Uí Mhaolchraoibhe.

 

Tá podchraoltaí Raidió Fáilte ar fáil ar http://www.raidiofailte.com/podcast/ agus réimse leathan ábhair le fáil iontu ó ranganna Gaeilge go dtí agallamh, cláracha speisialta, drámaí agus saothar litríochta.

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 22:20:33

Admin/login Comments RSS

ILBF