Óráid an Uachtaráin agus é ag ceiliúradh obair Sheáin Uí Chuirreáin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí ócáid ag an Uachtarán Michael D Higgins inné in Áras an Uachtaráin chun treaslú do Sheán Ó Cuirreáin a ndearna se agus é ina Choimisinéir Teanga. Ráiteas ann féin dar leat é sin. Seo thíos an chaint a rinne an tUachtarán ag an ócáid.

Is mór an áthais a thugann sé dom fáilte a fhearadh romhaibh go léir chuig Áras an Uachtaráin le haghaidh na hócáide seo in onóir Sheáin Uí Chuirreáin. Sé an chuspóir a bhí agam mar Uachtarán na hÉireann ná m’fhíor-bhuíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as ucht a bhfuil curtha i gcrích aige chun ghnáth-úsáid laethúil na Gaeilge a chothú i measc ár saoránach, agus chun chearta na Gaeilge mar an gcéad teanga náisiúnta againn a shuíomh agus a húsáid leis an córas stáit mar cheart a chosaint.
>>
>> Tá aithne agam ar Sheán le tríocha (30) bliain anuas, agus ní mór dom a rá go bhfuil sé ar duine de na daoine is cúirtéisí dár casadh riamh orm. Mar iriseoir do Raidió na Gaeltachta is cuimhin liom é a theacht chuig mo theach, a fhoighne agus a hintleacht ar ábhair éagsúla, agus ina dhiaidh sin mar leascheann ar an Raidió sin, tá a chion de ghníomhaíoct fiúntach déanta ag Seán maidir le saol saibhir sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta a fheabhsú.

Is iontach an meán cumarsáide an Raidió; is meán é a dhéanann glórtha, tuineacha cainte, scéalta agus ceol a ghabháil agus a athchraoladh ar mhodh ar leith. Tá a fhios againn uilig a d’éist, sna blianta atá imithe tharainn, le Raidió na Gaeltachta is muid ag tiomáint ar bhóithre casta cúnga Iarthar na hÉireann nó is muid ag feidhmiú inár gcuid tascanna laethúla istigh sa teach nó taobh amuigh de, cé chomh mór is atáimid faoi chomaoin ag Seán as a bhfuil curtha i gcrích aige maidir le fuaimdhreach na Gaeltachta.
Is as ucht a chuid saothair mar chéad Choimisinéir Teanga na tíre againn, áfach, gur mhaith liom a aithint an méid a rinne Seán Ó Cuirreáin ar mhaithe le muintir na hÉireann, agus ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht. Le deich mbliana anuas bhí Seán, ní amháin fíor-inniúil, ach tiomnaithe chomh maith, ina phost mar chosantóir chearta shaoránacha na hÉireann chun a gcuid gnó oifigiúil a dhéanamh trí Ghaeilge – cearta atá cumhdaithe inár mBunreacht agus a dheimhnigh Acht na dTeangacha Oifigiúla Dhá Mhíle Is A Trí (2003).
Mar thacadóir an-phaiseanta ar son cearta teanga, tá fhios maith ag Seán Ó Cuirreáin gurb ionann na saincheisteanna atá os comhair na Teanga Gaeilge agus na saincheisteanna atá os comhair chuile theanga dhúchais, nó mionteanga mar a thugtar orthu, ar fud an domhain.
Is é a bhí laistiar de bhunú Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga, a bunaíodh de thoradh comhdhála tábhachtaí arna tionól i mBaile Átha Cliath ar an tríú lá is fiche (23ú) agus an ceathrú lá is fiche (24ú) de Bhealtaine, dhá mhíle is a trí déag (2013).
Bhí sé de phléisiúr agam fáilte chun an Áras a chur roimh chuid de na rannpháirtithe sa chomhdáil sin agus, ag an ócaid sin, chuireas an tuairim faoina mbráid gur séanadh cearta daonna a bheadh ann i gcás go ndéanfadh aon sochaí ilteangach roinnt dá comhaltaí a mhí-mhisniú óna dteanga dhúchais a labhairt nó óna húsáid sa saol poiblí – in earnálacha criticiúla ar nós an oideachais, faisnéise leighis, rochtain ar an gceartas, agus mar sin de.
I gcomhthéacs na hÉireann, is éard is ciall leis seo, mar a chuir Seán go tréan é ina aitheasc do Thithe an Oireachtais le déanaí, nuair a dúirt sé:
“nár cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i Státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise. Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.”
Go deimhin, níor cheart riamh go bhfeicfí úsáid na Gaeilge mar bhior i mbeo an phróisis riaracháin. Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom a rá, ní amháín go bhfuil díomá orm, ach gur cás liom an leibhéal dealraitheach íseal cumais atá sa Státchóras do na saoránaigh gur míon leo a chearta a chur i bhfeidhm agus bheith ag caidreamh as Gaeilge leis an Stát agus a chuid gniomhaireachtaí.
Ní mór dúinn freisin tabhairt faoin miotas nimhneach go bhfuil an Ghaeilge ina bacainn ar shealbhú aon teanga eile. I mo thaithí féin, is iadsan a ghabhann leis an dearcadh seo ná daoine atá sásta le Poblacht aonteangach lán-Bhéarla.
Is gá dúinn na deacrachtaí a sheas i mbealach Shéain Uí Chuirreáin agus é i mbun a mhisin a bhreithniú go cúramach, ar dheacrachtaí den sórt sin iad, gur cheap sé gurbh fhearrde é dá sheasfadh sé siar óna phost mar Choimisinéir Teanga. Ó mo pháirt féin de, ba mhaith liom ómós a thabhairt, trathnóna, d’ionracas agus do mhacántacht intleachtúil Sheáin – dá dhíongbháilteacht gurb amhlaidh má tá le héirí leis an díospóireacht ar an nGaeilge:
“… gur gá go mbeadh sé bunaithe ar an fhírinne, iomlán na fírinne agus an fhírinne amháin … gur cheart i gcónaí tosú leis an staid réalaíoch seachas le ródhóchas bréige gan chúís. Níl ról ar bith ag grúpsmaointeoireacht i ngnó chomh tábhachtach le beatha teanga.”
Tá amhrais thromchúiseacha nochtaithe anois faoi féidearthacht na Gaeilge maireachtáil mar phríomtheanga labhartha fiú ag na pobail a chónaíonn sna croí-limistéir Gaeltachta. Leag Seosamh Mac Donnacha, atá anseo linn tráthnóna, béim ar an bpointe seo san alt is deireanaí aige don Dublin Review of Books.
Déanann an t-alt cur síos ar an gcaoi a bhfuil tréigean na Gaeilge á thiomáint ag athruithe ghéar shóisialta – athruithe a tháinig chun cinn le forbairtí ar chomhdhéanamh na bpobal Gaeltachta ó na seascaidí déanacha ar aghaidh, agus ó nascadh na bpobal sin le gréasáin réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcaitheamh na tréimhse sin. Is gá do scoláirí agus lucht déanta polasaithe araon, aghaidh a thabhairt ar chúinsí ollmhóra den sórt sin.
Tá athrú mór ar mheon daoine i leith na Gaeilge le feiceáil i sonraí an daonáirimh a rinneadh le déanaí: níl aon stiogma, ceangailte le bochtanas agus eisimirce, á iompar ag an nGaeilge níos mó; tá sí ina siombal féiniúlachta tábhachtach d’Éireannaigh anois.
Ar ndóigh ní haon chúiteamh an fheidhm shiombalach seo in áit “bhfeidhmiúlacht cumarsáidí” na Gaeilge a athaint mar chuspóir agus mar cheart. Ceapaim féin go bhféadfar leas a bhaint as an athrú meoin ollmhór seo i bhfábhar na teanga ar bhealach a fhágfaidh an Ghaeilge ina cuid dhílis dár saol le chéile san am atá anois ann agus san am atá le teacht. Gan a bheith sásta glacadh leí mar chomhartha féiniúlachta amháin; gan í a bheith ina sócmhainn chultúrtha teoranta do chúrsaí oidhreachta amháin, ach í mar theanga ina mbeidh paraidímí nua smaointeoireachta agus gníomhaíochta á múnlú.
Is mór mo mhuinín as acmhainneacht na Gaeilge agus as cruthaitheacht ár gcomh-shaoránach. Is iomaí rud dearfach atá ag tarlú, rudaí taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh, ar cúis dóchais dúinn iad faoina bhfuil i ndán don teanga. Tá craoltóireacht seirbhíse poiblí faoi bhláth, agus tá níos mó ábhair léitheoireachta ann anois ná riamh. Tá an Ghaeilge tar éis an teicneolaíocht is déanaí a thabhairt léi: is fóram nua-aimseartha an Gréasán Domhanda ar ar féidir daoine de gach aois dul i ngleic go cruthaitheach lena chéile trí mheán na Gaeilge.
Mar chríoch, aibhsím go bhfuil an nGaeilge fíor-luachmhar dúinne, ní amháin toisc gurb í teanga ár n-oidhreacht agus ár stair í, ach ina theannta sin, gurb inti atá ceann den iomad slite éagsúla le maireachtáil sa saol seo, le léargas a bheith againn ar an saol sin, agus leis an saol sin a chur i bhfocail. Is teanga í a chuimsíonn an tslí leithleach ina ndearna an iomad glún daoine a mhair ar an oileán seo romhainne dáimh lena chéile, leis an tírdhreach nó leis an saol eile.
Fágfaidh mé sibh leis na línte seo a leanas inar cheap Séamus Heaney go cumhachtach tábhacht seo na Gaeilge mar chuid riachtanach den éagsúlacht dhaonna, agus a luaigh Seán ina óráid. Is i mBéarla a labhair Séamus:
“Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that knowledge of the Irish language is an essential part in their realisation.”
[“Is ionann gan an Ghaeilge a fhoghlaim agus an deis a chailleadh chun tuiscint a fháil ar bhrí an tsaoil sa tír seo, mar a bhí sí, agus mar a d’fhéadfadh sí a bheith i dtoghchaí níos fearr. Is ionann é agus muid féin a scoitheadh amach ó bhealaí le bheith istigh linn féin. Má fhéachann muid ar an bhféintuiscint, ar an ghomhthuiscint, an feabhsú samhailteach, an éagsúlacht chultúrtha agus an t-atmasféar polaitiúil fulangach mar nithe atá inmhianaithe le haimsiú, ba chóir dúinn cuimhneamh go bhfuil an Ghaeilge ina cuid riachtanach dá bhfíorú.”]

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 01:53:51

Admin/login Comments RSS

ILBF