Oireachtas na Samhna 2014 Seolta go hOifigiúil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Oireachtas na Samhna 2014 Seolta go hOifigiúil

 

Sheol Joe McHugh T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Oireachtas na Samhna san INEC i gCill Airne inniu (30 Deireadh Fómhair).

 

Déanann féile an Oireachtais ceiliúradh ar scoth an damhsa ar an sean-nós, na hamhránaíochta agus na scéalaíochta agus ceaptar go meallfaidh an fhéile timpeall 10,000 duine go Cill Airne i gcaitheamh na sé lá arís i mbliana.

 

I measc na mbuaicphointí i mbliana, beidh ceiliúradh ar an gceoltóir Séamus Begley mar chuid de chlár a chraolfar beo ar TG4. Beidh Sharon Shannon, Steve Cooney, Joe Burke, Rita Connolly, Mairéad Ní Mhaonaigh, Dermot Byrne agus Jim Murray i measc na n‑aíonna eile ar an gclár.

 

“In ainneoin na n-athruithe ar fad atá tarlaithe le bliain anuas in earnáil na Gaeilge, tá seasamh an-láidir i gcónaí ag Oireachtas na Samhna i measc lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud na cruinne,” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Bhí an-áthas orainn a bheith roghnaithe mar cheanneagraíocht in éineacht leis na cúig eagraíocht eile. Cuireann sé ar ár gcumas a bheith dílis d’aidhmeanna bunaithe na heagraíochta, cur chun cinn na Gaeilge, na nua-litríochta agus na n-ealaíon traidisiúnta, chomh maith le deiseanna forbartha a thabhairt dúinn i réimsí oibre eile. Osclaíonn ár ról nua doirse eile dúinn agus feicim an-chuid féidearthachtaí móra le forbairt shuntasach a dhéanamh ar Oireachtas na Gaeilge agus ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil do lucht na Gaeilge,” a deir sé.

 

Is iad na comórtais ardáin croí na féile agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go mbeidh Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós an Oireachtais, Corn Uí Riada, críochnaithe, oíche Dé Sathairn (1 Samhain 2014). Tá an iliomad imeachtaí eile ar chlár na féile ar ndóigh, ina measc, an Cabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodha Bhuí agus rogha breá grúpaí ceoil, Seo Linn, Bréag, Scanall agus Mo Hat Mo Gheansaí san áireamh. Craolfar na Príomhchomórtais Damhsa ar an Sean-Nós beo ar TG4 ó 2.15 p.m. sa chlár Steip ar Shatharn na féile agus beidh na príomhchomórtais amhránaíochta ar an sean-nós oícheanta Dhéardaoin, Aoine agus Shatharn á gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus á sruthú beo ar www.tg4.tv.

 

Tabharfaidh cléir GaelGáirí a gcéad chuairt ar an Oireachtas agus déanfaidh siad seó deireanach na féile san Amharclann in Óstán Brehon, oíche Dé Sathairn. Má theastaíonn racht gáire uait tar éis theannas na gcomórtas, seo é an seó duit! Beidh réaltaí an chláir, An Gaeilgeoir is Greannmhaire, ann i measc fuirseoirí eile.

 

Chomh maith leis na himeachtaí thuasluaite, seolfar réimse leathan leabhar le linn an Oireachtais, reáchtalfar seimineáir agus ceardlanna, cuirfear drámaí ar siúl agus is féidir páirt a ghlacadh i gcomórtas Scrabble i nGaeilge, fiú.

 

Liosta iomlán na n-imeachtaí anseo

 

Lean imeachtaí an Oireachtais ag otv.ie, tg4.tv agus rte.ie/rnag

 

T

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-18 06:30:46

Admin/login Comments RSS

ILBF