Oíche chultúir in uimhir 6

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

A Chairde,
Beidh OÍCHE CHULTÚIR IN UIMHIR 6 , Sráid Fhearchair oíche amárach.Réimse leathan imeachtaí ón 6in ar aghaigh. Beidh siúlóidí staire timpeall an tí chomh maith le ceol, ranganna Gaeilge, imeachtaí óige agus go leor eile.

Beidh ceardlann damhsa ar an sean-nós leis an rinceoir cumasach Marian Ní Chonghaile á reáchtáil ag Seachtain na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge don Oíche Chultúir. Foghlaim an stíl uathúil seo de na rincí Gaelacha saor in aisce ó 7.30 – 8.30 in Uimhir 6, Sráid Fhearchair. Is féidir áirithint a dhéanamh ag eolas@antoireachtas.ie

Beidh Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta saor in aisce ó 7.00- 8.00in
Blas de chúrsa bunleibhéil do thosaitheoirí (foghlaimeoirí fásta amháin).

Tá gach eolas faoi na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl i lárionad Gaeilge na cathrach ar fáil ar www.facebook.com/Uimhir6 agus fáilteofar roimh dhaoine ó gach cúlra – idir óg agus aosta, bualadh isteach ar Uimhir 6 don Oíche Chultúir i mbliana.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-28 23:19:49

Admin/login Comments RSS

ILBF