Ógras Oirailla ar ais

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ógras Oirailla ar ais arís!

Osclóidh Ógras Oirialla a dhoirse arís Dé hAoine 27 Meán Fómhair 2013 ar 7:30 i.n. i gClub Óige Naomh Oilibhéar Pluincéad, Crois Mhic Lionnáin. Cuireann Ógras Oirialla fáilte roimh dhaoine óga idir 11 agus 16 bliana d’aois beag beann ar ábaltacht sa Ghaeilge, óir cuirtear an-chuid béime ar imeachtaí sultmhara spraíúla trí mheán na Gaeilge.

Mar chuid de chlár na bliana anuraidh bhain na daoine óga sult amach as spórt agus cluichí, ealaín, ceol, cócaireacht agus BBQ, mar aon le cúpla turas. Chuaigh turas amháin go “Cearta agus Ceiliúradh” i mBéal Feirste, áit ar ghlac na daoine óga páirt i morshiúil na scáthanna fearthainne ó Halla na Cathrach go Halla Uladh. Bhí turas eile go Léim an Bhradáin nuair a thug siad cuairt ar dream Ógras eile. Bhí turas bríomhar, sultmhar eile go Cuadrothair Thuaithe na hÉireann in Inis Caoin, Co. Mhuineacháin. D’eagraigh Ógras Oirialla Féile Samhna in Ard Mhacha Theas nuair a d’inis siad scéal na Tána trí fhilíocht agus amhráin.

Geallann clár na bliana seo go mbeidh na himeachtaí chomh corraitheach céanna le himeachtaí na bliana seo a chuaigh thart. Tá pleananna in áit do cheardlanna ar chúrsaí raidió agus na meáin, ealaín agus ceardaíocht, agus cóitseáil spóirt chomh maith.

Ba mhaith leis an chlub ceannairí nua a earcú, mar sin de, má tá 16 bliana d’aois slánaithe agat agus má tá caighdeán maith Gaeilge agat, gabh i dteagmháil linn.

Bíonn an club ar siúl ó 7:30 i.n. go 9:00 i.n. gach oíche Aoine ón Aoine 27 Meán Fómhair ar aghaidh. Cosnaíonn clárú bliantúil £15 (nó €18) an duine agus lacáiste do theaghlaigh, is é sin £15 (nó €18) don chéad duine agus £10 (nó €12) do gach duine ina dhiaidh sin. Le haghaidh tuilleadh eolais féach an leathanach Facebook atá againn nó cuir scairt ar 07912 364518 nó 087 2483092.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-24 05:30:59

Admin/login Comments RSS

ILBF