Nuacht24 2014-03-19 16:10:00

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an ceoltóir a chum an t-amhrán ‘The Men Behind the Wire’ i ndiaidh a bháis. Ba as Bóthar na bhFál i mBéal Feirste do Paddy Maguire ach cónaí air le roinnt blianta anois i bPortrane in aice le Baile Átha Cliath. Chum sé an t-amhrán i ndiaidh do rialtas Stormont imtheorannú a chur ar bun i mí Lúnasa 1971 agus rinne é a thaifead lena ghrúpa ‘The Barleycorn.’ Bhain an t-amhrán uimhir 1 amach i gcáirteanna hÉireann. Ar ball cuireadh Paddy Maguire féin faoi bhraighdeanas, rud a chonachthas mar dhíoltas arm na Breataine nó an RUC as an amhrán a chumadh. Rinne an ceoltóir Dido línte ón amhrán a chur isteach in amhrán dá cuid. Chum Paddy Maguire roinnt amhráin reibiliúnaithe eile, orthu sin ‘The Boys of the Old Brigade.’ Cailleadh é Lá na Féile Pádraig i ndiaidh dó a bheith tinn le tamall anuas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-23 23:32:52

Admin/login Comments RSS

ILBF