Nótaí cainte an Choimisinéara ag Comhchoiste an Oireachtais

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Nótaí Cainte; An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag
an Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Pho
iblí agus Achainíocha de chuid Thithe an Oireachtais,
4 Nollaig 2013, 4.15pm.
A Chathaoirligh,
Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Chomhchoist
e as bhur gcuireadh teacht in bhur
láthair inniu.
Bunaíodh m’Oifigse le reachtaíocht beagnach 10 mbliana ó shin agus cuireadh
trí cinn de chúraimí reachtúla ar leith orainn: feidhmiú mar sheirbhís ombudsman; feidhmiú
mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge; agus comhairle a
sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga.
Tugadh tuarascáil bhliantúil na hOifige don bhliain
2012 d’Aire Stáit na Gaeltachta ar an 31
Eanáir 2013 le leagan os comhair Thithe an Oireacht
ais agus seoladh go hoifigiúil í ar an 12
Márta seo caite.
Go ginearálta, ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na
tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tos
aigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl.
Ról Ombudsman
Maidir lenár seirbhís ombudsman, dhéileáil muid anu
raidh le 756 cás i dtaca le deacrachtaí
nó fadhbanna le seirbhísí stáit trí Ghaeilge – an b
hliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón
phobal i láthair na hOifige ó bunaíodh í. B’ionann
sin agus méadú 3% ar líon na gcásanna a
bhí ann an bhliain roimhe sin. Réitíodh formhór mór
na gcásanna sin trí idirbheartaíocht
neamhfhoirmiúil leis an chomhlacht phoiblí chuí nó
trí chomhairle a chur ar an ghearánach.
Seoladh 13 cinn d’imscrúduithe foirmiúla le linn na
bliana 2012. Rinneadh cinneadh gur
sáraíodh gnéithe ar leith den reachtaíocht teanga i
gcás meascán eagraíochtaí stáit; orthu
sin bhí an Garda Síochána agus trí cinn de ranna ri
altais.
Gníomhaireacht Ghéilliúlachta
Mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta, is trua liom a
thuairisciú go raibh trí cheathrú de na
scéimeanna teanga – pleananna reachtúla teanga – a
bhí comhaontaithe ag an Roinn
Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le heagraíocht
aí éagsúla stáit ligthe in éag gan
athnuachan a bheith déanta orthu faoi dheireadh 201
2 agus an ceathrú cuid acu as dáta le
breis agus 3 bliana. I 10 gcinn de chásanna eile, b
hí breis agus 6 bliana imithe ó d’iarr an
tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagra
is stáit dréachtscéimeanna teanga a
ullmhú ach bhí siad fós le haontú. Tá an teip an gh
né seo den reachtaíocht teanga a chur

chun cinn go stuama aitheanta ag an choiste iniúcht
a neamhspleách i m’Oifig mar riosca
suntasach.
Bhí na scéimeanna teanga sin le bheith mar chrann t
aca i gcroílár na reachtaíochta agus mar
bhunús le líon agus le caighdeán na seirbhísí stáit
trí Ghaeilge a mhéadú.
Tháinig fasach contúirteach chun cinn den chéad uai
r riamh in 2012 nuair a leasaíodh scéim
teanga le dualgas a bhí daingnithe ansin a chealú a
r fad cé nach mbeadh aon chostas nó stró
arbh fhiú cainte air ag baint lena chur i bhfeidhm.
Seachas cinntiú go gcloífí le dualgas a bhí neafais
each go maith – an chuid “Oiriúnach le
Breathnú” de lipéid físeán/dioscaí digiteacha ilúsá
ide de chuid Oifig Aicmithe Scannán na
hÉireann a bheith i bhformáid dhátheangach – spreag
gearán ó dhuine den phobal cealú
iomlán an ghealltanais reachtúil i ndeireadh na dál
a nuair a ghéill an Roinn Ealaíon,
Oidhreachta agus Gaeltachta d’iarratas ón Roinn Dlí
agus Cirt agus Comhionannais agus
cuireadh an gealltanas scéime sin ar neamhní ar fad
.
An bhliain reatha
Tá méadú beag sa bhliain reatha ar líon na scéimean
na teanga – tá 15 daingnithe go dáta
ach 20 imithe in éag sa tréimhse chéanna – ach is m
ó de chúis imní agam é an caighdeán atá
i gcuid de na scéimeanna sin. Tá barraíocht acu ann
a bhfuil na gealltanais faoi sholáthar
seirbhísí trí Ghaeilge coinníollach ar ‘acmhainní a
bheith ar fáil’, rud a thugann le tuiscint go
bhfeictear na seirbhísí sin mar rudaí roghnacha bre
ise seachas mar chearta bunúsacha. I
scéim amháin acu seo, agus gealltanas i leith solát
har seirbhísí trí Ghaeilge á leagan amach,
tá coinníoll luaite 11 uair in imeacht 3 leathanach
go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ‘mar a
cheadaíonn acmhainní’.
I scéim eile, gealltar leagan Gaeilge a eisiúint d’
aicme theoranta de phreasráitis ach i
bhfonóta deirtear nach gá go gciallódh sin go n-eis
eofar na preasráitis Ghaeilge agus Bhéarla
ag an am chéanna – is masla é d’aigne nó d’intleach
t an iriseora Gaeilge go gcuirfí bonn
reachtúil faoi ghealltanas den chineál sin.
Nár dhona agus nár shoiniciúil an scéal a bheadh an
n mura mbeadh i ndaingniú scéimeanna
teanga ach gníomh le tic a chur i mbosca seachas ia
d a bheith ina n-uirlis éifeachtach
d’fhorbairt seirbhísí stáit trí Ghaeilge? Tá ráite
liom ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus
Gaeltachta go bhfuil dlús breise le cur faoi obair
na scéimeanna teanga ach tá eagla orm go
bhfuil oiread dochair déanta agus easpa muiníne sa
chóras nach féidir é a tharrtháil anois.
An Garda Síochána
Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil dul chun cinn
á dhéanamh ag lucht bainistíochta an
Gharda Síochána i dtaca le soláthar seirbhísí na nG
ardaí trí Ghaeilge de thoradh gearáin le
m’Oifig. Tá feachtas feasachta teanga á chur chun c
inn ag an lucht ardbhainistíochta
mar
thoradh ar eachtra i mBaile Átha Cliath inar gabhad
h fear óg agus inar tugadh i nglais lámh é

chuig stáisiún Gardaí nuair a rinne sé iarracht a c
huid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Gardaí
a stop é maidir le mion-chion tráchta. Coinníodh é
sa stáisiún go dtí go raibh fáil ar Gharda a
bhí in ann déileáil leis trí Ghaeilge.
Sháraigh an Garda Síochána sa chás seo an gealltana
s
reachtúil go n-aithníonn an fórsa ceart an phobail
gnó a dhéanamh leo ina rogha teanga
oifigiúil, Gaeilge nó Béarla.
Thug mé suntas do dhearcadh san fhiosrúchán a rinne
mé gur cheart caitheamh le daoine a
labhraíonn Gaeilge amhail is gur theanga eachtrach
a bhí á labhairt acu, d’ainneoin stádas
bunreachtúil na Gaeilge. Cuireadh “úsáid na Gaeilg
e” agus “déileáil le náisiúnach eachtrach”
sa spás céanna go rialta sa dioscúrsa i measc na nG
ardaí a bhain leis an imscrúdú seo, rud a
chothódh imní faoin bhealach a gcaithfí leis an dá
ghrúpa.
Níor bhain an eachtra a bhí i gceist sa chás le hao
n timpiste ná le haon líomhaintí faoi
thiomáint faoi luas nó faoi thionchar óil. B’ábhar
suntais dom nach raibh Gardaí a raibh a
gcuid oideachais faighte acu i gcóras scolaíochta n
a tíre seo agus nach raibh a gcuid oiliúna
mar Ghardaí sa Teampall Mór críochnaithe acu ach le
beagán blianta roimhe sin ábalta “Cad
is ainm duit?” a fhiafraí ná seoladh tiománaí a lor
g trí Ghaeilge ar thaobh an bhóthair. Ní
raibh córas sásúil tacaíochta ar fáil dóibh ar an l
áthair sin le cabhrú leo déileáil go furasta le
duine den phobal a roghnaigh a chuid gnóthaí a dhéa
namh leo trí Ghaeilge.
Fáiltím, áfach, roimh dhearcadh dearfach Choimisiné
ir an Gharda Síochána agus lucht
ardbhainistíochta an fhórsa i dtaca le feidhmiú na
moltaí a rinne mé de thoradh an cháis seo
agus tá súil agam de bharr na n-athruithe córasacha
atá á dtabhairt i bhfeidhm nach
dtarlóidh a mhacasamhail d’eachtra arís.
Tá aird níos mó ná riamh á dhíriú freisin ag lucht
bainistíochta an Gharda Síochána ar
dhualgas atá daingnithe in Acht an Gharda Síochána,
2005 gur comhaltaí le líofacht i
nGaeilge amháin is ceart a lonnú i gceantair Ghaelt
achta. Tharla sé seo de bharr gearán a
thuairiscigh mé roimhe seo faoi a laghad Gardaí le
Gaeilge a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair i
gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall. Cé nach bhf
uil réiteach iomlán amach is amach ar an
cheist go fóill, tá áthas orm a thuairisciú go bhfu
il sé deimhnithe anois ag Coimisinéir an
Gharda Síochána, le gur féidir cloí go cuí leis na
forálacha in Acht an Gharda Síochána, go
mbeidh céatadán ar leith (suas go 10%) d’áiteanna d
’earcaithe nua san fhórsa á gcur ar
leataobh go speisialta feasta do dhaoine le líofach
t i nGaeilge agus dualgas orthu feidhmiú
ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse suas le 5 bliana
i stáisiúin Ghaeltachta. Ba cheart go
gcinnteodh seo go mbeidh 100% de Ghardaí na Gaeltac
hta líofa i nGaeilge faoi cheann
roinnt bheag blianta.
Inniúlacht sa Ghaeilge
Go ginearálta, tá an easpa foirne le hinniúlacht in
dhá theanga oifigiúla an Stáit ar cheann de
na cúiseanna is mó go mbíonn deacrachtaí ag eagraío
chtaí stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar
don phobal i nGaeilge chomh maith le Béarla. Tá có
ras nua le cur ar bun mar scéim

phíolótach in áit an chórais faoinar gealladh marca
nna bónais le linn earcaíochta nó i gcás
arduithe céime sa Státseirbhís do dhaoine le hinniú
lacht i nGaeilge agus i mBéarla araon.
Theip ar chóras na marcanna bónais a tháinig in áit
na ‘Gaeilge éigeantaí’ de bharr nár
cuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh é. Creidim g
o dteipfidh fosta ar an chóras úrnua, atá
lochtach ó thaobh an choincheapa de, agus go leanfa
r d’imeallú na teanga sa chóras
riaracháin phoiblí.
Mar shampla amháin, léiríonn taighde atá déanta dúi
nn ar fhigiúirí
oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtó
gfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm
go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart
ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin
sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½%
atá ann faoi láthair go dtí 3%.
Déanaim achainí inniu ar na húdaráis athchuairt a t
habhairt ar an bheartas seo ar bhealach a
mbeidh brí leis nuair a bheas athbhreithniú agus le
asú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha
Oifigiúla.
An Ghaeltacht
Tá molta fosta agam agus an tAcht á leasú gur chear
t foráil shoiléir a chur ann a thabharfadh
ar gach eagras stáit a chinntiú go raibh Gaeilge lí
ofa ag a mbaill foirne a bheadh ag soláthar
seirbhíse do phobal na Gaeltachta, gan cheist gan c
hoinníoll. Léirigh taighde a rinne m’Oifig
ar na mallaibh gur socraíodh seo a dhéanamh ar bhon
n reachtúil sa bhliain 1928 ach gur
cuireadh dáta tosaithe na rialachán seo ar athló le
hionstraim reachtúil ar 54 ócáid difriúil go
dtí gur caitheadh in aer go ciúin é sa bhliain 1966
. Ní rogha a thuilleadh é leanúint de bheith
ag cur na gcaorach thar an abhainn ar an ábhar seo
mar a bhí á dhéanamh mar
ghnáthchleachtas leis na scórtha bliain.
Tuairiscí chuig Tithe an Oireachtais
Ar nós seirbhísí ombudsman eile, tá sé de cheart ag
am fionnachtana nó cinntí agus moltaí a
dhéanamh, agus iad sin bunaithe ar imscrúduithe. Is
féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne
na gcinntí sin ar phonc dlí chun na hArd-Chúirte. M
ura ndéantar achomharc, ach fós féin
mura gcuirtear na moltaí i bhfeidhm, tá dualgas orm
tuairiscí a sholáthar do Thithe an
Oireachtais. Tá sin déanta agam 3 huaire in imeacht
na mblianta agus is mian liom mo
bhuíochas thabhairt don Chomhchoiste as an obair le
antach a rinne sibh leis na heagrais
stáit a bhí i gceist. Is trua liom a rá go raibh or
m 3 cinn eile de thuarascálacha a thabhairt le
gairid do Thithe an Oireachtais i gcás eagrais stái
t nach ndearna achomhairc i gcoinne cinntí
a rinne mé ach fós féin nár chur i bhfeidhm na molt
aí cuí. Is iad Iarnród Éireann, Comhairle
Contae na hIarmhí agus Oifig na nOibreacha Poiblí n
a heagrais a bhí i gceist. Faoi Thithe an
Oireachtais atá sé anois cibé céimeanna eile is mia
n leo a thógáil, más cuí leo sin, sna
cásanna seo.
Athbhreithniú
Cé gur fógraíodh athbhreithniú ar Acht an dTeangach
a Oifigiúla i mí na Samhna 2011 – breis
agus 2 bhliain ó shin
agus gur mhair próiseas suntasach comhairliúcháin
phoiblí go dtí

deireadh mhí Eanáir 2012 – is beag atá cloiste go p
oiblí go dtí seo faoi thorthaí an phróisis
seo. Níor chuidiú ar bith é an folús seo.
Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 m’Oi
fig a chónascadh le hOifig an
Ombudsman faoi
Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoib
. Rinneadh an
cinneadh sin i ngan fhios dom féin agus don Ombudsm
an ag an am. Níl aon mhionsonraí ar
fáil go poiblí faoina bhfuil molta nó faoin bhealac
h a cheaptar a n-oibreodh sé agus bheadh
imní orm faoi inmharthanacht na hOifige amach anseo
, agus na himpleachtaí foirne a
ghabhann leis sin.
Tá an Oifig ar cheann de na heagrais stáit is lú dá
bhfuil ann – agus buiséad againn atá níos
lú ná rúnseirbhís na tíre, fiú! Tá foireann reatha
de 4.4 státseirbhíseach ag obair inti. Tá 3
cinn d’fholúntais foirne againn faoi láthair agus á
r mbuiséad tite 45% ón bhliain 2008. Níor
tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha l
ena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh
go cuí agus go hiomlán.
Conclúid
Go ginearálta, dóibh siúd atá gafa go gairmiúil nó
go deonach le cosaint nó cur chun cinn na
teanga, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht.
Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar
iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle
brí agus lagmhisnigh. D’ainneoin tacaíocht
ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír d
on teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach
chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhait
h den riarachán phoiblí; ní bheidh sé
furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí.
Mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha O
ifigiúla á leasú mar chuid de chlár
an Rialtais, creidim go láidir go gcaithfear foráil
shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh
Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal
ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan
choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chai
nteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid
agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit. Agus c
omhthreomhar leis seo, caithfear athchuairt
a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earc
aíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa
Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí i gcoitinne
– go simplí, níl bealach ar bith go n-
oibreoidh na beartais is deireanaí atá fógartha ina
leith seo.
Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an
dá ghné sin – úsáid na Gaeilge i mbun
cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go m
beadh dóthain foirne le cumas sa
Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí
nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigf
ear
ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga
a bheas i gceist.
Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas e
acnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an
feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunc
hloch
dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-
oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur
measa mar bhaol é sin anois ná
riamh.

Beidh 10 mbliana caite agam i mbun oibre mar Choimi
sinéir Teanga i ndeireadh mhí Feabhra
seo chugainn. Cé go bhfuil 2 bhliain eile fágtha i
mo thréimhse ceapacháin, creidim i mo
chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha i
n bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile
a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréim
hse ama sin i dtaca le cearta teanga
phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom
a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta
agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir
Teanga ar an 23 Feabhra seo
chugainn. Tá an cinneadh seo curtha in iúl inniu ag
am i scríbhinn d’Uachtarán na hÉireann
mar a leagtar síos sa dlí.
Ba mhaith liom ag an tráth seo mo bhuíochas a chur
in iúl dóibh siúd ar fad a chuidigh liom
le linn na mblianta atá caite agam i mbun chúraimí
an phoist seo – go háirithe foireann
bheag dhíograiseach na hOifige. Glacaim buíochas le
o sin ar fad i réimse na polaitíochta
agus sa státchóras a thacaigh lenár gcuid oibre. Ba
mhór agam an tacaíocht in imeacht na
mblianta ó na meáin chumarsáide, go speisialta iris
eoirí na Gaeilge, ó na heagrais Ghaeilge
agus Ghaeltachta, ón lucht acadúil, uathu sin a ch
uir comhairle orm go gairmiúil nó go
deonach, ó choimisinéirí teanga eile as gach cearn
den domhan, ó bhaill den státseirbhís
agus den tseirbhís phoiblí, ó chairde agus ó gach d
uine eile a chuidigh linn.
Thar aon ní eile, ba mhaith liom buíochas ó chroí a
ghlacadh le pobal na Gaeilge agus na
Gaeltachta as an mhuinín a chur siad ionam féin agu
s i bhfoireann na hOifige le 10 mbliana
anuas.
Mo bhuíochas fosta leatsa, a Chathaoirligh, agus le
baill an Chomhchoiste as éisteacht liom
inniu.
Go raibh míle maith agaibh.
(CRÍOCH)
Eolas: Damhnait Uí Mhaoldúin ar (091) 504006 nó 087
-2197946 nó ag
eolas@coimisineir.ie
Féach freisin Nóta Eolais leis seo.

NÓTA EOLAIS
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga le reachtaío
cht beagnach 10 mbliana ó shin le trí cinn de
chúraimí reachtúla: feidhmiú mar sheirbhís ombudsma
n
agus mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta
i
dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge agus le comha
irle a sholáthar
i dtaca le cearta agus dualgais
teanga.
Uachtarán na hÉireann a cheap Seán Ó Cuirreáin ina
chéad Choimisinéir Teanga ar chomhairle an
Rialtais agus le tacaíocht Thithe an Oireachtais ar
an 23 Feabhra 2004. Athcheapadh ar an mbealach
céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhr
a 2010.
CEANNLÍNTE le 10 mbliana anuas:
Gearáin … 6,089 go dtí an 30 Samhain 2013, (28% ón
Ghaeltacht).
Bhain 22% de na gearáin le Ranna agus Oifigí Rialta
is, 32% le húdaráis áitiúla, an chuid eile le
réimse leathan eagraíochtaí stáit
1,856 iarratas ar chomhairle i dtaca le dualgais te
anga ó eagraíochtaí stáit
96 imscrúdú foirmiúil seolta
213 léirmheas/iniúchadh déanta ar scéimeanna teanga
9 gcinn de thuarascálacha bliantúla agus ráitis ini
úchta airgeadais foilsithe
6 thuarascáil speisialta curtha i láthair Thithe an
Oireachtais
Suíomh gréasáin forbartha mar ionad ilfhreastail i
dtaca le gach a mbaineann le cearta agus
dualgais teanga
Cairt Cearta Teanga foilsithe
Treoirleabhair ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foil
sithe
Moltaí faoi leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiú
la foilsithe
Feachtais fógraíochta teilifíse ar chearta teanga e
agraithe agus craolta
Acmhainn oideachais ar Chearta Teanga don chúrsa sa
n Oideachas Saoránach, Sóisialta agus
Polaitiúil (OSSP) sa Teastas Sóisearach forbartha a
gus scaipthe ar scoileanna
Ócáid cearta teanga i gcuimhne ar Mhaolra Seoighe a
gus dúnmharuithe Mhám Trasna
eagraithe i nGaillimh
Páirtíocht in iliomad ócáidí i dtaca le forbairt fe
asachta ar chearta agus dualgais teanga
Léachtaí ar chearta teanga tugtha i mbeagnach gach
institiúid oideachais tríú leibhéal in
Éirinn
Cúnamh tugtha go rialta le taighde náisiúnta agus i
dirnáisiúnta ar chearta agus ar dhualgais
teanga
Comhairle agus traenáil curtha ar fáil tríd an OSCE
do bhunú oifig coimisinéara teanga sa
Chosaiv i gcomhar le Rialtas na Cosaive
Comhdháil idirnáisiúnta ar chearta teanga eagraithe
i mBaile Átha Cliath
Réamhghníomhach i dtaca le Cumann Idirnáisiúnta do
Choimisinéirí Teanga an domhain a

bhunú

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:34:43

Admin/login Comments RSS

ILBF