Nollaig Shona ó Nuacht24

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

IMG_0379

Oíche na Nollag

 

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha

Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc

Adaigh an tine is téig chun na leapa1476065_10201394348718164_2050274793_n1476065_10201394348718164_2050274793_n

Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

 

 

Fágaidh an doras ar leathadh ina choinne

An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht

Deonaigh do shuaimhneas a ligean, a Mhuire,

Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

 

 

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta

Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch

Do cheannaithe olla, do cheannaithe síodha,

Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Máire Mhac an tSaoi

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 02:20:23

Admin/login Comments RSS

ILBF