Níos mó ionsaithe ar theaghlaigh Polannacha i mBéal Feirste Thoir

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Peinteáladh ‘Locals Only’ ar thrí theach i Sráid Roslyn i mBéal Feirste Thoir aréir. Is Polannaigh atá ina gcónai sna tithe sin. Ní léir cé a bhí freagrach as na hionsaithe is déanaí seo ach ar na mallaibh chuir an PSNI in iúl go bhfuil an UVF ag croí lár na n-ionsaithe atá á ndéanamh ar eachtrannaigh i mBéal Feirste Thoir. An tseachtain seo caite caitheadh mála lán de chac ar Románach a bhí ag rotháil i mBéal Feirste Theas agus coicís ó shin d’ionsaigh scaifte de scor duine bean agus beirt fhear Polannach agus bhuail go dona iad.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 13:33:36

Admin/login Comments RSS

ILBF