Níor tugadh ar Ian Paisley imeacht – an DUP

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an DUP ag séanadh i rith an ama don mhéid a dúirt Ian Paisley agus a bhean Eileen ar chlár de chuid an BBC aréir nuair a chuir siad beirt in iúl gur tugadh air éirí as mar Chéad Aire. Bhí an bheirt Paisley iontach searbh faoin dóigh a deir siad ar caitheadh le Ian Paisley, bunaitheoir an pháirtí agus bunaitheoir ar an Eaglais Saor Phréispitéireach. Dar le Ian Paisley ar ócáid amháin gur bhagair Nigel Dodds go mbeadh air imeacht faoin Aoine ach gur chomhairligh Peter Robinson go mbeadh air fanacht cúpla mí. Séanann an DUP gur tharla a macasamhail. Ó thús deiridh i gclár na hoíche aréir ba léir go bhfuil Ian Paisley agus a bhean thar a bheith gonta agus binbeach faoi Peter Robinson, Nigel Dodds agus baill sinsearacha eile an DUP mar aon le bheith thar a bheith feargach faoi go leor de cheannairí an Saor Eaglais Phréispitéireach. D’fhág an dá chlár faoi Paisley mearbhall ar bhunús daoine ó thuaidh cionn is an léamh ‘nua’ atá aige ar ar tharla le linn na dTrioblóidí. Go raibh sé ar son cearta sibhialta, go raibh sé iontach míshásta agus feargach faoi Dhomhnach na Fola, nach raibh am aige do seicteachas ná lucht seicteachais agus go leor leor eile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-22 00:19:48

Admin/login Comments RSS

ILBF