‘Níl mise chun éirí as’ Robinson ag freagairt do mhaíomh Edwin Poots

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Shéan Peter Robinson láithreach ar maidin do dhearbhú a iarAire Sláinte Edwin Poots ‘go bhfuil a fhios ag an tsaol’ go bhfuil an Chéad Aire ó thuaidh chun éirí as oifig roimh an chéad tionól toghcháin eile. Inné cheap Peter Robinson Jim Wells ina Aire Sláinte in áit Edwin Poots agus ar BBC ar maidin dúirt an iarAire go raibh a fhios ag an tsaol go bhfuil Peter Robinson maíte ar éirí as roimh an chéad toghchán eile tionóil. D’éisigh Peter Robinson ráiteas láithreach ag maíomh nár rún dó éirí as anois ná roimh an chéad toghchán eile agus mhaígh sé gur óna bhéalsa a chloisfear an scéal nuair a imeoidh sé seachas ó bhéal dhuine eile. Feictear an briatharchath seo mar chomhartha go bhfuil teannas sa DUP faoi cheannasaíocht Peter Robinson, rud a d’fhéadfadh baint den seasamhacht a bhí ag an pháirtí le blianta anuas. Bhí Edwin Poots agus a mhuintir cóngarach do Ian Paisley agus iad míshásta faoin dóigh ar chaith ceannairí an pháirtí le hIan Paisley. Mar sin thiocfadh dó gur sin is cúis lena chaint ag an am seo. Ach thiocfadh dó go bhfuil míshásamh ar bhonn níos forleithne sa DUP faoin dóigh a bhfuil an páirtí ag dul faoi cheannaireacht Peter Robinson.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 11:45:44

Admin/login Comments RSS

ILBF