Níl meas ag ceannairí áirithe an lucht agóide ar an daonlathas, Charlie Flanagan

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan go bhfuil bunús lucht agóide uisce á stiúir ag daoine nach bhfuil meas acu ar an daonlathas. Ghlac sé leis go bhfuil formhór léirsitheoirí síochánta ach dar leis go bhfuil lucht a stiúrtha beag beann ar an daonlathas agus maíte ar fad ar an bhonn a bhaint den rialtas. Aréir bhí 400 duine páirteach i léirsiú taobh amuigh d’Ospidéal Sligigh agus an Taoiseach ag dul chuig ócáid ansin. Bhí scliúchas ann agus dar leis an Taoiseach gur léirigh roinnt acu sin a bhí i mbun agóide gur cuma leo sábháilteacht ban is páiste. Tá an Comhaireacht inniu ag plé bealaí a dtig leo pacáiste nua taillí a chur i gcrích, agus dochas acu go maolfaidh sin ar na léirsithe. ‘Rinneadh go leor meancógaí go dtí seo’ arsa an tAire Timpeallachta Alan Kelly. ‘Sílim go bhfuil an phacáiste nua iontach maith. D’éist muid leis an phobal agus creidim go dtógfaidh an phacáiste nua seo go leor leor daoine reasúnta linn.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:58:21

Admin/login Comments RSS

ILBF