‘Níl gearchéim pholaitiúil ann’ Robinson

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Peter Robinson ag séanadh do dhearbhú ó Ghearóid Mc Adaim agus Gerry Kelly nach bhfuil an caidreamh oibre idir é féin agus Martin Mc Guinness ag obair mar a ba choir. Tá géarchéim ann mar gheall air seo thug Gerry Kelly le fios ar maidin ach deir Peter Robinson nach mothaíonn sé go bhfuil géarchéim ann ná go bhfuil fonn ar dhream ar bith an bonn a bhaint de na hinsititiúidí ag Stormont. Inné chain Gearóid Mc Adaim an ‘easpa ceannasaíochta’ ó Peter Robinson agus dúirt Gerry Kelly go bhfuil géarchéim pholaitiúil ann. Bhí ardteannas idir an dá pháirtí cionn is ceist na mbratacha, mórshiúlta agus cúlú an DUP ó phlean chun ionad athmhuintearais a thógáil ar shuíomh na Ceise Fada.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 08:03:39

Admin/login Comments RSS

ILBF