Níl duine ar bith os cionn an dlí – Alan Shatter ag caint faoi chás Margaretta D’Arcy

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt an tAire Dlí is Cirt Alan Shatter anocht nach bhfuil duine ar bith os cionn an dlí is cuma cén aois an duine sin agus é ag glacadh le ceisteanna faoi chás Margaretta D’Arcy. D’fhiafraigh an tAire de Theachtaí a bhí ag brú ar son Margaretta D’Arcy ar cheart go ligfí saor í le go dtiocfadh léi dul arís eile ar ruidbhealaigh ag Aerfort na Sionainne. Dar leis go bhfuil a leithéidí iontach contúirteach do phaisiéirí ar eitleáin, d’oibrithe aerfoirt agus do Ghardaí agus nach cosaint ar bith é go bhfuiltear ag déanamh a leithéide ar son chúis ar bith. Bhí na Teachtaí Eamon Ó Cuív, Clare Daly, Mike Wallace agus Richard Boyd Barrett orthu sin a labhair. Tá lucht tacaíochta Margaretta D’Arcy ag reáchtáil dhá léirsiú agóide in aghaidh na seachtaine, Dé Céadaoin ag Teach Laighean agus Dé hAoine ag Príosún Luimnigh.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:41:40

Admin/login Comments RSS

ILBF