Níl aon saighdiúir Éireannach orthu sin a fuadaíodh san Siria

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhuadfaigh dream de chuid Al Qaeda san Siria 43 saighdiúir de chuid na Náisiúin Aontaithe inniu ar na hArdáin Golan. Ghabh na trodairí iad ag Al Qunaytirah , cóngarach d’áit a bhfuil arm na Siria agus trodairí i mbun cathanna le cúpla lá anuas.  Tuigtear gur as Fidsí do na saighdiúirí. Dar leis na Náisiúin Aontaithe go bhfuil siad ar a seacht ndícheall ag iarraidh a chinntiú anois go ligfear saor na saighdiúirí. Níos luaithe inniu cáineadh an Stát Ioslamach, grúpa antoisceach atá gníomhach in Siria agus san Iaráic, as marú tuairim is 200 saighdiúir de chuid na Siria a bhí ina gcimí acu ó ghabh siad an ionad s’acu ag Tabqa ag an deireadh seachtaine. Níl aon cheangal ag SI le gabháil na saighdiúirí de chuid na Náisiúin Aontaithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-24 05:19:38

Admin/login Comments RSS

ILBF