Níl ann ach an tús – lucht eagraithe Lá Dearg Bhéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Na mílte Gael tagtha go Béal Feirste le cearta, cothromas agus cóir a iarraidh

Tháinig níos mó ná 1o,000 duine ó phobal labhartha na Gaeilge fud fad na hÉireann go Ceathrú Gaeltachta Bhéal Feirste le dul i mbun feachtais le cearta teanga a bhaint amach.  Shiúil idir páiste, múinteoirí, tuismitheoirí, ceoltóirí, clubanna óige, gníomhaithe teanga, mic léinn, ealaíontóirí agus scríbhneoirí ó Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál go Cearnóg Theach an Chustaim i lár na cathrach lena bhfearg a chur in iúl go bhfuil ag teip ar Stormont i leith cearta Gaeilge a fháil agus a sholáthar do lucht labhartha na Gaeilge.   Is éard a bhí óna céadta teaghlach agus páistí ná “Cearta, Cothromas agus Cóir.”

Bhí an Chearnóg féin dubh le Gaeil agus iad ag glacadh seilbhe ar lár Chathair Bhéal Feirste a bhain sup agus pléisiúr as an cheol a cuireadh ar fáil ag Éamonn Ó Faogáin, ceoltóirí óga Choláiste Feirste agus JJ Ó Dochartaigh.   I measc na gcainteoirí ar an lá bhí Sara Ní Chuireáin a labhair faoi impleachtaí mheath na n-áiseanna Gaeltachta; Cassie Ní Chatháin a rinne tagairt don fheachtas i gContae Dhoire do Mheánscolaíocht trí mheán na Gaeilge nár cuireadh i bhfeidhm in aineoinn an éilimh i measc na dtuismitheoirí. Labhair Móna Uí Dhochartaigh go paiseanta faoina dúshláin a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge nuair atá faillí a dhéanamh ar sheirbhísí agus nuair a cuirtear bac ar chearta i gcónaí.  Sa deireadh labhair Tigernach Ní Chasaide as Ard Eoin ar an streachailt a bhíonn ag a máthair £50 a chaitheamh ar thaisteal in aghaidh na míosa lena cur chuig Coláiste Feirste ar Bhóthar na bhFál mar gheall ar theip An Roinn Oideachais seirbhísí taistil a chur ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste cé gur rialaigh breitheamh in 2011 gur chóir á chur ar fáil mar chuid de riachtanais s’acu a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Agus é ag caint i ndiaidh  An Lá Dearg, dúirt duine den lucht eagraithe, Conchur Ó Muadaigh , “Tá lúcháir orainn go dtáinig an oiread sin Gael amach ó gach chearn sa tír le cearta daonna agus cothromas a éileamh do lucht labhartha na Gaeilge.   Is léiriú é an scaifte mór de a thábhachtaí agus atá seo agus den dóigh a mothaíonn pobal na Gaeilge faoi theip an Stáit ar a riachtanais maidir leis an Ghaeilge.

Sé bliana déag i ndiaidh Comhaontú Aoine an Chéasta, tá cos ar bolg go fóill a dhéanamh ar Ghaeil óga agus tá taisteal á shéanadh orthu chuig Gaelscoileanna; ocht mbliana i ndiaidh an Chomhaontú ag Naomh Aindirú le hAcht na Gaeilge a chur i bhfeidhm, tá an reachtaíocht cosanta go fóill ar iarraidh; agus cuireadh áiseanna srianta agus infreastruchtúr goilliúnach s’againn i mbaol ag ciorraithe an rialtais.  Tá muintir na tíre, thuaidh agus theas ag seasamh ina éadan sin agus anois ag rá go bhfuil ár sáith againn.  Ba chóir go raibh meas agus dínit againn inár dtír féin agus ní chóir go raibh muid ag mothú amhail is go bhfuil muid do-fheicthe amach is amach.

Ba mhaith linn buíochas a ghabhail leis na grúpaí, na daoine agus na scoileanna a tháinig linn ar an lá a bhí mar lá ceiliúrtha teaghlaigh chomh maith agus ar lá a raibh dearfacht agus díograis go mór mór le mothú thar rud ar bith eile.   An rud is láidre faoi fheachtas s’againn ná gur leis an phobal é agus gur bunaíodh é ag leibhéal pobail, ón bhun aníos le béim nach beag ar dhaoine óga a d’oibrigh go dícheallach le roinnt seachtainí anuas mar thromlach ar choiste s’againne le breis agus 30 duine air.

 

Is mar gheall ar fhuinneamh agus ar éifeacht na nGaeil óga seo go bhfuil ag éirí leis an fheachtas.  Is feachtas é seo atá beag beann ar pháirtithe no ar eagraíochtaí Gaeilge, rud a ligeann dúinn tacaíocht láidir a mhealladh ó ghrúpaí éagsúla agus ó phobail éagsúla fud fad an oileáin.

Ár mbuíochas fosta leis na grúpaí agus na daoine a thug deonachán airgid dúinn le cuidiú le reáchtáil an lae, rud a chiallaigh gur éirigh le gach rud ar an Lá Dearg.

Ba é an chúis leis an Lá Dearg nó seasamh le chéile, gualainn ar ghualainn agus an fhearg sin a smachtú i dtreo athrú a bhaint amach do Phobal na Gaeilge.  Bhí an fuinneamh agus an paisean seo le sonrú ar ghlórtha na mílte Gael a bhfuil todhchaí gheal don chéad ghlúin eile do Ghaeil tuillte acu.

Níl anseo ach tús agus beimid ag iarraidh tacaíocht pobail arís amach anseo agus beidh muid ag gníomhú le tacaíocht rialtais agus polaitíochta a fháil sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn le go gcomhlíonann siad a ndualgais i leith na Gaeilge de le dispeansáid nua a fhorbairt do Phobal na Gaeilge – saor ón leatrom, saor ón imeallú agus saor ón naimhdeas.

Le tuilleadh eolais a fháil ar fheachtas Chearta, Chothromas agus Chóir, gabh i dteagmháil le ladearg@gmail.com nó cuir scairt ar Fheargal ar 07841101630 féach fbl.me/ladearg & #ladearg.

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 05:51:31

Admin/login Comments RSS

ILBF