‘Níl a fhios againn cad é an fhianaise atá i gcoinne Gerry Adams’ Michael Mc Conville

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt mac le Jean Mc Conville , Michael Mc Conville anocht, nach bhfuil a fhios acu aon rud faoin fhianaise atá acu i gcoinne Ghearóid Mhic Adaim. Ach dúirt sé nár mhaith leis go mbeadh cur isteach polaitiúil i bhfiosrú cás a mháthara agus dar leis gur fearr leis an chlann go  dtabharfaí na rudaí a bhaineann leis an  fiosrúcháin amach as na Sé Chontae le nach mbeadh cur isteach polaitiúil ann. Dar leis go bhfuil clann Mc Conville maíte ar leanúint don tóir ar chothrom na Féinne agus go nglacann siad leis go mbeidh ród fada rompu. ‘Ach tá ród fada siúlta againn agus táimid réidh dó’ ar seisean.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 09:56:27

Admin/login Comments RSS

ILBF